Dáil debates

Tuesday, 28 January 2014

4:05 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tabharfaidh mé freagra don Teachta ar an cheist a chuir sé orm. Ta an Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána fíor neamhspleách agus ní féidir liomsa rud ar bith a dhéanamh leis. Leagann an coimisiún síos na coinníollacha agus déanann sé féin an iniúchadh. Bhí mé ag éisteacht le duine atá ag freastal ar an gcoimisiún ar maidin agus dúirt seisean go bhfuil siad beagnach réidh le tosnú, go mbeidh sé i bhfad níos leithne ná mar a bhí agus go mbeidh sé neamhspleách ar fad. Tá litir curtha ón Aire chuig an coimisiún agus is dócha go dtosnóidh an coimisiún ar a chuid oibre go luath. Tá litir curtha ag an Aire freisin chuig an Coiste um Chuntais Phoiblí ag iarraidh orthu, má tá eolas ar bith acu, go gcuirfeadh siad chuig an gcoimisiún é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.