Dáil debates
Tuesday, 17 December 2013
Order of Business
5:30 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Bíonn cruinnithe idir an tAire Oideachais agus Scileanna agus polaiteoirí éagsúla an t-am ar fad. Tá sé iontach báúil do chruinnithe le polaiteoirí ón Tuaisceart. Níl a fhios agam an raibh am aige cruinniú a eagrú sa chás seo. Níl mé ag caint ar son an Aire anseo. Freastalaíonn sé ar chruinnithe Thuaidh-Theas go minic agus nuair is gá. Tá sé an-bháúil do chruinnithe a bhaineann le cúrsaí oideachais trasTeorann. Labhróidh mé leis i dtaobh iarratas an Teachta agus cuirfidh mé scéal chuige.
No comments