Dáil debates

Tuesday, 10 December 2013

5:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an coimisinéir chun éirí as a phost mar chonaic mé an ráiteas a d'fhoilsigh sé. Tá sé ar intinn ag an Aire fógra poiblí a fhoilsiú i dtreo agus gur féidir coimisinéir nua a thoghadh agus a chur ina áit. Má tá fonn ar an Teachta go mbeidh díospóireacht sa Teach anseo nó ag an gcoiste, ba chóir é seo a phlé ag cruinniú na nAoirí amárach. Má chuireann an Teachta scéal chuig an Príomh Aoire, déanfaidh sé sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.