Dáil debates

Thursday, 5 December 2013

11:50 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuireann sé iontas orm go bhfuil an Rialtas ag cáineadh an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga. Thug sé sonraí iontach soiléir don chomhchoiste go bhfuil na pleananna as feidhm i gcásanna trí cheathrú de na heagrais Stáit. Tá sé de chúram ar an Roinn agus an Aire a chinntiú go bhfuil na pleananna ar fáil. Thug an coimisinéir an t-eolas seo do Thithe an Oireachtais inné. D'fhógair an Rialtas dhá bhliain ó shin go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach níor tharla aon rud go fóill. Tá sé i gceist ag an Rialtas ísliú stádais a ghearradh ar Oifig an Choimisinéara Teanga tríd an oifig sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman. The commissioner had to take an unprecedented step yesterday in resigning, because the Government is totally undermining the work that he is doing. He told the committee that State organisations are ignoring their legal obligations. In two and a half years in office, the Government has done untold damage to the provision of services and supports for Irish language speakers throughout the State. An aithníonn an tAire gurb é seo an Rialtas is frith-Ghaelaigh agus is measa don teanga a bhí sa Stát seo riamh? An aontaíonn sé gur cheart don Rialtas athrú treo a dhéanamh má táimid chun aghaidh a thabhairt ar an bhfianaise a thug an Coimisinéir Teanga inné? Shíl sé go raibh ar a phost a fhágáil mar nach raibh sé i dteideal aon rud a dhéanamh fá dtaobh de seo sa dá bhliain a chuaigh thart mar gheall ar an dóigh ina mbíonn eagrais Stáit agus an Rialtas ag déileáil le ceist na Gaeilge sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.