Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

5:15 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Sílim go mbeidh áthas ar mhuintir na hÉireann anseo, agus orthu siúd a bheidh i láthair chun an tUachtarán a chloisteáil, má dhéanann sé é sin. Is é an polasaí atá againn, chun freagra a thabhairt don Teachta, ná an straitéis 20 bliain a chur i gcrích. Tá an straitéis aontaithe agus tá an plean réitithe. Nuair a tháinig an tAire Stáit chugam, dúirt sé go raibh €500,000 eile ag teastáil chun tosú láidir a dhéanamh ar an obair seo. Tugadh an t-airgead sin dó agus away leis anois thar fud na Gaeltachta chun é sin a chur i gcrích.

Labhair an Teachta Ó Máirtín faoin moladh a cuireadh chun cinn ionas go mbeadh múinteoirí in ann an Ghaeilge a fhoghlaim in aon ionad múinteoireachta amháin. Roghnaíodh foirgneamh san iar-Choláiste Íosagáin, thíos i mBaile Bhúirne. Nuair a bhí mé thíos ansin ar lá iontach fliuch, taispeánadh dom an áit inar chuir an iar-Aire, Michael Woods, sluasaid airgid thíos sa talamh chun an bhunchloch a leagan. Ní dhearnadh tada faoi ó shin. Chun an fhírinne a rá, tá sé iontach éasca córas cumarsáide ó thaobh labhairt, feiceáil agus múinteoireacht na Gaeilge, nó teanga ar bith eile, a chur ar fáil ag an bpointe seo. Nuair a bhí mé thuas in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le déanaí, dúradh liom go bhfuil daoine ó chuile thír ag foghlaim na Gaeilge ní hamháin san ionad ach freisin ina dtíortha féin ar fud an domhain agus meáin nua á húsáid acu.

B'fhéidir go mbeimid in ann cúpla uair an chloig a chaitheamh ar díospóireacht anseo faoin straitéis, faoin Ghaeilge agus faoi na Gaeltachtaí roimh dheireadh na bliana. Ní thuigim go díreach an méid a bhí le rá ag an Teachta faoi na mná tí. Tá siad iontach tábhachtach ó thaobh múinteoireacht agus labhairt na Gaeilge. Cuireann siad smacht ar dhaltaí trí iad a spreagadh chun coinneáil leo an Ghaeilge a labhairt nuair a bhíonn siad ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta. Is maith an rud é sin. Sílim go bhfuil siad tábhachtach. Bhí mé ag féachaint ar chlár teilifíse cúpla seachtain ó shin mar gheall ar mhuintir na foraoise móire sa Bhrasaíl, atá féachaint ar mheáin chumarsáide nua chun déileáil leis an domhain mór amach rompu. Bhí fiú mairnéalach na réalta, an Commander Hadfield, ag tvuíteáil as Gaeilge faoi chomh hálainn agus chomh glas atá an t-oileán seo mar chuid den phláinéad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.