Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil athrú tagtha ó thaobh an t-údarás de. Tá bord nua le bunú. Beidh sé dírithe ar chúrsaí Gaeltachta. Tá pleananna leagtha amach ag chuile Ghaeltacht ó thaobh forbairt agus stádas na Gaeltachtaí éagsúla. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil neart áiteanna a dtugtar Gaeltachtaí orthu, ach nach bhfuil focal Gaeilge labhartha iontu le fada. Caithfimid an fhírinne a dhearbhú sa chomhthéacs seo. Is é sin an fáth go bhfuil brú ar na grúpaí Gaeltachta plean a nochtú agus a chur i gcrích ó thaobh stádas na ceantair Ghaeltachta. Tá an tAire Stáit iontach láidir faoi seo. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil níos mó in ann an Ghaeilge a labhairt anois ná mar a bhí le fada. Tá neart Gaeilge acu. Sílim go gcuireann sé isteach ar dhaoine go minic má tá brú orthu Gaeilge chruinn cheart a labhairt an t-am ar fad. Is cuma má dhéanann siad botúin, nó nach mbíonn a gcuid Gaeilge go cruinn ceart an t-am ar fad. Is rud iontach tábhachtach í ár dteanga dhúchais Ghaelach. Nuair a théim thar lear, bíonn difríocht i gceist ós rud é go bhfuil mé in ann teanga dhifriúil a labhairt. I rith na toghcháin deireanach, ghlac mé féin, an Teachta Ó Máirtín, an Teachta Adams agus-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.