Dáil debates

Wednesday, 23 October 2013

10:40 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an cheist a chuir sé. Chuir sé ceist orm ar mhiste liom éirí as cinnireacht na tíre agus oifig an Taoisigh. Dúirt mé leis an Teachta inné nach bhfuil sé ar intinn agam é sin a dhéanamh ar chor ar bith. D'fhiafraigh an Teachta díom an raibh seans agam smaoineamh a dhéanamh faoi sin. Smaoinigh mé faoi aréir agus ar maidin agus is é an freagra céanna atá agam don Teachta. Séard atá i gceist ag an Rialtas seo, idir Pháirtí Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre ná cruth ceart a chur ar eacnamaíocht na tíre agus postanna a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Sin atá i gceist agam. Is é sin an dualgas atá ag Rialtas na tíre agus tá sin á chomhlíonadh againn, cé go bhfuil sin deacair agus nach bhfuil sé éasca. Beidh seans ag muintir na hÉireann déileáil leis an Rialtas agus le h-iarrthóir ar bith a bheidh ag seasamh san olltoghchán atá ag teacht i 2016. Beidh freagra le fáil ag an Teachta agus agamsa ag an am sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.