Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is cinnte go n-aithním an phráinn, ach is fear Gaeltachta mé agus chím ón áit ina bhfuil mé i mo chónaí na rudaí atá ag tarlú i mo cheantar Gaeltachta agus i gceantair Gaeltachta eile ar fud na tíre. Chím é sin. Ar ndóigh, sin an fáth gur cuireadh fainic ar an straitéis, fá choinne deireadh a chur leis an tráth atá ar an Ghaeilge sna ceantair Gaeltachta. Tá go leor ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Mar shampla, tá scéim tacaíochta teaghlaigh úr tar éis teacht isteach agus tá beagnach 2,000 pacáiste tugtha amach do thuismitheoirí úra sa Ghaeltacht ó bunaíodh é sin anuraidh. Tá scéim na gcúntóirí teanga ann chomh maith, ceann de na scéimeanna is éifeachtaí atá ann. Bhí an scéim seo ann sular tháinig mise isteach sa Roinn, ach táimid ag leanúint leis an scéim sin agus ag forbairt na scéime agus ag tabhairt breis acmhainní don scéim, mar go bhfeiceann muid chomh tábhachtach agus atá sé go mbeidh deis ag daltaí, chomh h-óg agus is féidir leo, eolas a chur ar an teanga. Caithfidh muid díriú isteach ar an aosóg.

Tá scéim do na coláistí Gaeilge ann freisin, ar a mbíonn 3,000, 4,000 nó 5,000 sa bhliain ag freastal orthu. Scéim an-mhaith í sin agus tá an Roinn tiomanta leanúint leis an scéim sin, a thugann deis do buachaillí agus cailíní ó thaobh amuigh den Ghaeltacht dul siar agus aithne a chur ar na Gaeltachtaí agus an teanga a fheiceáil á labhairt go nádúrtha i measc an phobail. Tá go leor rudaí ar siúl. Mar adúirt mé freisin, tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith gnóthach anois. Inné féin, shínigh mé na critéir pleanála teanga agus beidh siad sin ar shuíomh Idirlíne na Roinne inniu agus ag dul amach chuig an údarás agus Foras na Gaeilge le tabhairt faoi na limistéir pleanála teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.