Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Foras na Gaeilge

3:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Faoi láthair, tá 57 duine fostaithe go buan ag Foras na Gaeilge mar aon le cúigear eile atá fostaithe ar chonradh. Ón eolas atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do mo Roinn, tuigtear dom go bhfuil timpeall 80 duine fostaithe faoi láthair sna heagraíochtaí a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tá 19 eagraíocht ar fad i gceist, lena n-áirítear 12 eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha sa dlínse seo agus seacht n-eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha ó thuaidh.

Ag an cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas na socruithe nua maoinithe a fhaomhadh le héifeacht ó 1 Iúil 2014 in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Cuimsíonn na socruithe nua maoinithe na príomhghnéíthe seo a leanas: déanfaidh sé eagras ceannais, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin, tosaíochtaí straitéiseacha ar leith a sheachadadh; bunóidh Foras na Gaeilge fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an sé eagras ceannais a chinntiú; bunóídh Foras na Gaeilge fóram forbartha teanga uile-oileáin atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail; beidh scéim raidió pobail le forbairt chun maoiniú a chur ar fáil do raidió pobail trí Ghaeilge sa dá dhlínse; agus cuirfear maoiniú ar fáil don áisaonad sa todhchaí, mar is cuí, i gcomhthéacs fheidhm reachtúil Fhoras na Gaeilge i ndáil le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

D'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas fosta go gcuirfí síneadh leis na socruithe bunmhaoinithe reatha go dtí 30 Meitheamh 2014 nuair a thiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm. Cé nach féidir a thuar go cruinn ag an phointe seo cé mhéad post a bheidh ann faoin múnla maoinithe nua, ba chóir go n-eascróidh féidearthachtaí maidir le deiseanna nua fostaíochta as na socruithe nua nuair a bheidh na heagrais ceannais ag díriú ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus ag dul i bhfeidhm ar an bpobal ar bhonn níos forleithne sa dá dhlínse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.