Dáil debates

Thursday, 20 June 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Second Stage (Resumed) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Second Stage (Resumed)

 

2:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is trua go bhfuilimid ag caint ar an mBille seo mar níl an díospóireacht atá tar éis a bheith ann i gceart roimh an Bille seo a bheith curtha le chéile. Táimid ag déileáil le Bille inniu chun reifreann a chur faoi sheol chun fáil réidh leis an Seanad. Cibé taobh den argóint ar a bhfuil duine, ar an taobh fáil réidh leis nó é a choimead, ba chóir go mbeadh an díospóireacht sin tógtha as na Tithe seo agus tógtha chuig an phobal i gcoitinne. Shíl mise agus a lán daoine eile, nuair a bunaíodh an Coinbhinsiún ar an mBunreacht, go mbeadh muid ag déileáil leis na ceisteanna mór bunreachtúla istigh san coinbhinsiún sin. Ní sheasann an Seanad leis féin. Toisc sin, pé athrú a thagann, agus sa chás seo, is athrú suntasach atá i gceist, ag fáil réidh leis an Seanad go huile agus go hiomlán, tá impleachtaí ag an athrú ar gach uile chuid eile den saol pholaitiúil ina lán bhealaí.

Nílim anseo chun a rá go mba chóir go gcoimeadtaí an Seanad mar atá sé. Shíl mise i gcónaí go raibh an toghchán don Seanad agus an modh a roghnaíodh na hiarrthóirí agus na Seanadóirí i ndiaidh an toghchán sin go huile agus go hiomlán mí-daonlathach agus gur chóir i gcónaí ó thús go mbeadh athrú córas toghchánaíochta ann. Shíl mise i gcónaí go mba chóir go mbeadh an toghchán don Seanad ar an lá ceannan céanna agus an toghchán don Dáil. Dá réir, bheitheá ag déanamh an cinneadh, dá mbeitheá mar iarrthóir don Seanad, gur seo an rogha Teach an Oireachtais a bhfuiltear sásta obair ann. Déanfadh sin deighilt idir an dá Teach i mbealach an-shoiléir don phobal. Tá moltaí den sórt sin curtha chun cinn, ní hamháin ag mo pháirtí ach ag a lán daoine eile thar na blianta. Ba chóir go mbeadh an Seanad difriúil. Ní chóir go mbeadh sé mar macasamhail den Teach seo, ach níos lú.

Is trua nach raibh an díospóireacht sin i measc an phobal, mar an rud atá i gceist ag an bpobal faoi láthair ná fáil réidh le polaitíocht ina iomlán. Dá gcuirfeá foclaíocht difriúil ós comhair an phobail chun fáil réidh le Dáil Éireann, bheadh siad sásta go maith fáil réidh leis mar shíleann siad, má chreidtear na gnáth meáin, nó the popular press, gur caitheamh amú airgid go mbeadh daonlathas againn agus gur caitheamh amú airgid Tithe an Oireachtais ina n-iomlán. Caithfimid bheith an-chúramach nach bhfuilimid ag léim le cheol atá á sheinnt ag daoine gur cuma leo an daonlathas agus an deis atá ann chun Rialtas a choiméad ar an port ceart. Tá an dainséar sin ann agus le tamall le blianta, go háirithe le deich nó 15 bliain anuas, tá sé amuigh ansin gur caitheamh amú airgid í an pholaitíocht nó nach bhfuil aon fiúntas le polaiteóirí i gcoitinne. Caithfimid déanamh cinnte de nach bhfuilimid ag léim isteach sa phort sin.

Nuair atá an Rialtas seo críochnaithe leis an Seanad, cén sórt casadh a dhéanfaidh sé ansin? Ní hamháin an Seanad atá i gceist ó thaobh daonlathas de. Cheana féin tá an Rialtas ag fáil réidh leis na comhairlí baile. Tá athruithe suntasach déanta ar Údarás na Gaeltachta. Ní thoghfar é a thuilleadh. Toghfar níos lú Teachtaí Dála amach anseo. Arís is arís eile, tá laghdú á chur ar an líon ionadaithe a bheidh ar fáil don phobal. Is a mhalairt de threo go mba chóir dúinn dul. Ba chóir go mbeadh níos mó ionadaithe ionas go mbeadh ní hamháin an rialtas áitiúil ach an rialtas lárnach chomh maith gafa leis an bpobal ó bhun go barr.

Measaim go bhfuil sin caillte sa díospóireacht seo toisc nach raibh sé lasmuigh de na Tithe seo. Bhí an deis ag an Rialtas agus d'ardaigh mé agus daoine eile na ceiste seo ag an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. D'ardaigh mo pháirtí na ceiste nuair a roghnaíodh na hábhair a bheadh curtha os comhair an choinbhinsiúin. D'impíomar ar an Rialtas gan ligean don choinbhinsiún críochnú agus gan an cheist seo a bheith déileáilte le. Bhí a threo roghnaihe ag an Rialtas cheana féin, áfach, go mbeadh an cheist faoin Seanad curtha os comhair an phobail, ní i dtéarmaí ceart ach i dtéarmaí an bhfuiltear sásta fáil réidh leis nó é a choimeád.

Tá rogha eile go mba chóir go mbeadh curtha os comhair an phobail, sé sin an chóir go mbeadh athruite agus leasú déanta ar an Seanad. Tá tuairimí ag a lán den phobal agus fiú a lán de na daoine sa Teach seo conas is féidir an Seanad a leasú ionas go mbeadh ról, seasamh agus toghchán ceart aige agus go mbeadh sé in ann fás amach anseo ionas nach an Teach seo amháin a bheadh ag déanamh fiosrú, ag coimeád súil ar an Rialtas agus ag déileáil le polasaithe ach go mbeadh an Seanad in ann é sin a dhéanamh chomh maith, agus i slí i bhfad níos mó.

Sa tír seo anois, seachas an coinbhinsiún atá ann ar feadh tamall beag, níl aon fóram ceart do saoránaigh ann. Dá mbeitheá ag aistriú nó ag athrú an Seanad, d'fhéadfadh go mbeadh sé sin mar an ról lárnach a bheadh aige, tuairimí an phobail i gcoitinne nó fiú na grúpaí sin a phlé agus déileáil leo i gceart. An dainséar atá ann anois, ní hamháin toisc go bhfuil an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leis an Seanad, ná go bhfuil níos lú coistí, mar shampla, sa Teach seo, agus beidh níos lú amach anseo toisc go mbeidh níos lú Baill againn chun déileáil leis an reachtaíocht agus gach rud eile.

Ní bheidh coistí na Dála amach anseo in ann déileáil leis an méid sin iarratas ón phobal éisteacht a thabhairt dá gcásanna, mar cheana féin tá na coistí i gcruachás. Níl go leor ama nó spáis ann chun na coistí atá againn fé láthair a reachtáil chomh héifeachtach agus chomh maith agus is cóir. Chomh maith le sin, níl fiú na hacmhainní cuí tugtha do na coistí mar a thugtar do choistí i parlaimintí eile. I slí amháin, tá sé ró-dheireannach impí ar an Rialtas déileáil le na ceisteanna seo, mar tá sé tar éis an seasamh a ghlacadh an Bille seo a fhoilsiú cé, mar a dúirt mé, nár tharla an díospóireacht lasmuigh de na Tithe seo fós. Dá mba rud é go raibh an díospóireacht sin lasmuigh de na Tithe againn - b'fhéidir go dtarlóidh sé thar an chéad cúpla mí eile agus b'fhéidir go dtiocfaidh an pobal ar ais chuig an Rialtas ag rá nach bhfuil siad sásta fáil réidh leis an Seanad - bheadh sin spéisiúil.

Cad a tharlóidh má dhiúltaíonn an pobal fáil réidh leis an Seanad? Go bhfios domsa, níl éinne ag iarraidh go bhfanfaidh an Seanad mar atá sé ná níl éinne ag iarraidh go bhfanfaidh an Dáil mar atá sé, ach níl aon leasú ar an chlár oibre faoi láthair i gceachtar Teach. Tá an scéal níos measa fós, mar tá an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leis an Seanad, ach níltear ag rá cad a tharlóidh ina dhiaidh sin má tharlaíonn sin. Níor leag an Rialtas amach conas mar a rithfear an Teach seo tar éis an reifrinn. Cad iad na hathruithe móra a dhéanfaidh an Rialtas ansin? An mbeidh gá le reifreann eile chun leasuithe a dhéanamh don Dáil. Tá a lán ceisteanna nár freagraíodh fós ar an ábhar seo, ní amháin ag an Aire seo ach ag an Taoiseach. Is trua sin. Ar a laghad, dá mbeadh freagra againn ar na ceisteanna sin, bheadh a fhios ag an pobal cad go díreach ar a bhfuil siad ag vótáil. Ní hé go bhfuil siad ag vótáil ar fáil reidh leis an Seanad amháin, ta impleachtaí le sin.

Mar shampla, dúirt mé cheana go raibh impleachtaí ann do na coistí. Táim mar ball den Joint Oireachtas Committee on Public Service, Oversight and Petitions, ach is iad na Seanadóirí is mó atá gafa atá gafa le obair an choiste sin. Tarlaíonn sin mar go bhfuil muidne sa Teach seo gafa le obair reachtaíochta, mar tá níos mó reachtaíochta ag teacht tríd an Teach seo ná mar a bhí riamh. Tá an Teach ag suí níos minicí, tá níos mó dualgas orainn, ach amach anseo beidh níos lú dínn ann. Ansin, tá sé ar intinn ag an Rialtas breis oibre a thabhairt dúinn, gan tuilleadh ama a bheith againn, mar níl ach méid áirithe uair a chloig sa lá. Tá dáinséar ann go mbeifear de shíor ag creimeadh ar am Teachtaí Dála agus amach anseo nach mbeidh daoine sásta seasamh i toghchán, ní toisc an tuarastal ach mar nach bhfuil aon bhuíochas ag dul d'ionadaí ar aon chaoi. Feiceann muid go léir é sin, ní amháin ionadaithe ar thaobh an Rialtais ach ionadaithe ar an dtaobh seo den Teach chomh maith.

Bíonn daoine ag caitheamh anuas orainn de shíor. Daoine aineolacha iad don chuid is mó. Déanann siad ionsaithe ar Theachtaí Dála de bharr nach bhfuil siad ag suí i dTeach na dTeachtaí an t-am ar fad, mar feiceann siad ar an teilifís nach bhfuil ach duine nó beirt sa Teach. Tarlaíonn ionsaithe mar seo i gcónaí. Deireann daoine nach bhfeiceann siad muid ag freastal ar na coistí agus mar sin nach bhfuil muid ag déanamh na hoibre. Deireann siad nár chuala siad muid ag labhairt ar seo nó siúd. Ar a lán bealaí, ní thuigeann an pobal cad a tharlaíonn anseo. Fiú, roinnt dóibh siúd a thuigeann cad a tharlaíonn agus conas mar a dheineann Teachta Dála ó aon taobh den Teach a chuid ama a roinnt - na meáin ach go háirithe - cé go dtuigeann siad conas a oibríonn muid, uaireanta toisc go bhfuiltear ag iarraidh gnaoi an phobail a bheith orthu,déanann siad ionsaithe orainn chomh maith.

Caithfimid a bheith cúramach nach bhfuil muid ag creimeadh de shíor ar an daonlathas agus ar na hionadaithe atá tofa ag an bpobal amach anseo. Mar a deirtear i mBéarla, "Be careful what you wish for." Má tharlaíonn an rud atá á lorg ag roinnt de na commentators nó na meáin amach anseo, ní bheidh aon ionadaithe tofa sa tír seo. In ionad sin, beidh deachtóireacht nó a leithéid againn. B'fhéidir go mbeidh grúpa nó cabal beag i mbun na tíre a bheidh smacht aige ar ghach uile rud. B'fhéidir go ndéarfaidh daoine áirithe gur sin atá againn cheana féin leis na hAirí Rialtais, ach nílimse ag rá sin in aon chor. B'ait dom agus mé ag ullmhú don díospóireacht seo cé chomh lú glaoch nó ríomhphost a fuair mé ón bpobal i gcoitinne. Measaim nach dtuigeann siad go díreach na himpleachtaí a bhaineann le seo. Fuair mé ríomhphost ó duine i gContae Corcaigh agus bhí tuairimí spéisiúla aige maidir le leasuithe don Dáil agus conas ar cóir na leasuithe sin a chur i bhfeidhm. Sin an sórt ruda a bhí ag teastáil uainn roimh teacht chuig an Chéim seo. Is trua nár tugadh an deis don duine seo nó do daoine eile a dtuairimí a nochtadh go poiblí.

Tá a fhios agam gur chuir an Seanad fo-choistí ar bun thar na blianta le déileáil le leasuithe a dhéanamh ar an Seanad, mar atá againn sa Dáil. Tá mise ar choiste leasú Dála ó toghadh mé ar dtús i 2002. Chuir mé doiciméad le chéile thar ceann mo pháirtí, mar a dhein gach uile páirtí eile sa Dáil deireannach agus sa Dáil roimhe sin, faoi chonas is féidir linn uaireanta na Dála a leasú agus conas is féidir obair an Tí a dhéanamh níos éifeachtaí agus mar sin de. Tugadh roinnt de na leasuithe sin chun cinn. Bhain leasú amháin a mhol mé leis an obair a dhéanann muid ar an Mháirt. Seachas an maidin sin a fhágáil saor, mhol mé go mbeadh seans againn déileáil le reachtaíocht ar an mhaidin sin, nó ar a laghad go bhféadfadh muid déileáil le tuairiscí ó choistí.

Tá sin chun teacht i gcrích don chéad uair riamh an Mháirt seo chugainn. Ní hé go raibh mé ag lorg go mbeadh ar Aire a bheith sa Teach, mar an fhadhb a bhí ann i gcónaí ná go mbíonn cruinniú na nAirí ar siúl an mhaidin sin agus nach féidir leis an Dáil suí ag an am sin. An argóint a bhí agamsa ná seachas gach duine a tharraingt isteach sa Teach ar feadh leath lae ar an Aoine, go raibh tromlach na ndaoine anseo cheana féin ar maidin ar an Mháirt. Nílim ag rá nach cóir go mbeadh muid inár suí ar an Aoine, ach má tá muid ag suí ar an Aoine, gur cóir go mbeadh a fhios againn i bhfad roimh ré. Ba chóir go mbeadh sin ar an sceideal nó an féilire parlaiminte agus ba chóir go mbeadh reachtaíocht cheart ar siúl agus go leanfadh sé ar aghaidh an lá ar fad. Ba chóir sin a dhéanamh seachas daoine a choimeád óna ndáilcheantair ar feadh an lae agus seachas Teachtaí ón tuath a choimeád i mBaile Átha Cliath oíche breise.

Tá cuid de na hathruithe a mholadh tar éis tarlú. Mar sin, sa deireadh thiar tá daoine ag éisteacht. Is iad leasuithe mar seo a bhféadfaí a dhéanamh, ní amháin sa Teach seo ach sa Seanad chomh maith. Is féidir leasuithe beaga a dhéanamh ar dtús báire, ach b'fhéidir go bhféadfaí leasuithe níos mó a dhéanamh ansin le déanamh cinnte de go bhfuil an Seanad níos éifeachtaí, go bhfuil ról ceart aige agus go bhfuil muid ag éisteacht leis an bpobal i gcoitinne.

An cheist is mó a bhí ann i gcónaí nuair a bhí mise óg ná conas a thoghann muid daoine don Seanad. Sin an scannal is mó, nár athraíodh an bealach a roghnaítear baill an tSeanaid ó bunaíodh é. Maidir leis na Seanadóirí ollscoile, ní raibh ach dhá ollscoil, Trinity College agus An Ollscoil Náisiúnta in ann na Seanadóirí sin a roghnú. Bhí sin elitist amach is amach. Bhí ar duine a bheith ina chéimí ó cheann de na hollscoileanna sin le vóta a bheith aige nó aici. Seachas sin, bhí ar duine a bheith ina chomhairleoir contae nó Teachta Dála. I roinnt cásanna, bhí dhá vóta ag duine. Tá sin go huile agus go hiomlán neamhdhaonlathach.

Ní raibh iarracht riamh chun é sin a athrú. B'fhéidir, leis an athrú sin, go mbeadh an ról aithrithe. Ní raibh iarracht riamh ról a thabhairt do saoránaigh an oileán seo san Seanad. Is cuimhin liom, sna 1970í agus san 1980í, daoine ag caint faoi ról sa Seanad a thabhairt dóibh siúd a bhí ar imirce, ach níor thárla sé sin. Is é sin an fhadhb. Ní tharlóidh sé anois. Beidh sé spéisiúil féachaint céin chaoi ina dhéanfaidh an Rialtas déileáil leis na haithrithe móra is gá chun obair na Dála a leasú chun vótaí a thabhairt do gach saoránach ar an oileán. Conas is féidir leis an Dáil déileáil le vóta a thabhairt dóibh siúd atá ar imirce agus saoránaigh atá thar lear? An bhfuil an Rialtas chun Dáilcheantar domhanda a bhunú? Níl na rudaí sin os ár gcomhar. Beidh "preferendum" seachas referendum i bhfad níos fearr don phobal agus bheadh an díospóireacht i bhfad níos spéisiúla. Sa chás sin, bheadh daoine ag chaitheamh vóta le eolas faoi chonas mar a oibríonn an Dáil agus an Seanad, agus chonas mar a oibríonn an tarna teach i dtíortha eile.

B'fhiú dúinn, fiú ag an am seo, aire a thabhairt ar na díospóireachtaí a bhí ag an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Ar feadh cúpla deireadh seachtaine, d'fhreastal mé ar agus bhí sé an spéisiúil an slí a dhein an ghnáth phobal - seachas na polaiteoirí, a dhein go maith freisin - déileáil le ceisteanna móra casta cosúil le vótáil don Dáil. Ní chóir go mbeadh eagla orainn riamh ceisteanna a chur roimh an phobal cosúil leis an cheist conas is féidir an Seanad a fheabhsú seachas fáil réidh leis. Bheadh sé an deacair an Seanad a chur ar siúl arís leis an ról gur cheart a bheith aige tar éis deireadh a chur leis san reifreann seo. Impím ar an Rialtas gan dul níos faide le seo go dtí go n-éistíonn siad leis an bpobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.