Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar is eol do chách, le dhá bhliain anuas tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tar éis saghas ionsaí uafásach a dhéanamh ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar institiúidí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá Acht na Gaeltachta 2012 cáinte ag beagnach gach eagraíocht Ghaeilge sa tír; tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Oifig an Choimisinéara Teanga, Údaras na Gaeltachta, atá tar éis ciorruithe buiséid a ghlacadh, Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Foras na Gaeilge ar an liosta fada. Tá easpa daonlathas san údarás anois. Táimid fós ag fanacht leis na pleananna teanga. Tá a fhios agam nach bhfuil na hacmhainní ann. Tá na deontais bainte os na hábhair oidí. Tá deireadh curtha le scéim labhairt na Gaeilge. Tá maoiniú na heagraíochtaí Gaeilge fós ard san aer ag an bomaite. Tá easpa seirbhísí Gaeilge ag go leor Ranna agus comhlachtaí Stáit. Tá moill fada ar aontú scéimeanna teanga na heagraíochtaí Stáit. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an Acht críochnaithe le breis agus bliain, ach fós níl na torthaí le fáil. Conas is féidir leis an Aire Stáit obair le hurlabhraí na n-eagraíochtaí ata á mbagairt agus á gcur faoi bhrú aige? Chonaiceamar é sin i gcás Guth na Gaeltachta cúpla mí ó shin. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit sásta na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta - is léir an luach, an ábhar agus an fuinneamh atá acu - a aithint mar gheallshealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain? Oibríonn an Rialtas leis na ceardchumainn san earnáil phoiblí i gcónaí. Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí a bhaineann le cúrsaí feirmeoireachta sa phlean forbartha Harvest 2020. Tá an Rialtas ag fágáil na heagraíochtaí Gaeilge amuigh sa bhfuacht ag an bomaite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.