Dáil debates
Thursday, 30 May 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
5:30 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail) | Oireachtas source
Caithfidh an tAire Stáit glacadh leis nach bhfuil na heagrais Gaeilge timpeall na tíre sásta le rudaí mar atá siad. Níl siad sásta leis an gcóras atá ann dóibh chun teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis. Cad é an uair is déanaí ar tháinig an fochoiste faoi choimirce an Taoisigh le chéile? Cé chomh minic a thagann sé le chéile chun déileáil leis na gnéithe seo?
No comments