Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:30 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail) | Oireachtas source

Déanfaidh mé mo dhícheall gan an iomarca ama a thógáil. Tá mé ag seasamh isteach don Teachta Kitt, atá as láthair inniu. Glacann chuile duine go bhfuil an tAire Stáit tógtha go hiomlán leis an Ghaeilge. Níl aon amhras orm ina thaobh agus ní dóigh liom go bhfuil amhras ar bith ar éinne eile. Tá amhras mór ar mhuintir na tíre mar gheall ar cé chomh tógtha atá an Rialtas leis an teanga, áfach. Is í sin an fhadhb leis an straitéis. Feiceann daoine go bhfuil lagú ag teacht ar an straitéis ón am á tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Is í sin an deacracht. Cé go n-admhaíonn an tAire Stáit go bhfuil muntir na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach, mar an gcéanna leo siúd lasmuigh den Ghaeltacht ag a bhfuil suim acu sa teanga, níl struchtúr ardleibhéal ar bith ar fáil dóibh ionas go mbeidh tionchar acu ar na húdaráis atá ann faoi láthair. Is í sin an deacracht is mó. Impím ar an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh faoi sin chomh luath agus is féidir leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.