Dáil debates
Wednesday, 15 May 2013
Land and Conveyancing Law Reform Bill 2013: Second Stage (Resumed)
11:30 am
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source
I have already spoken on this Bill for 15 minutes and, as a courtesy, in my last five minutes I intend to speak in Irish. Deputies who might not be fully conversant, which is natural for many people, have a translation facility.
I have already spoken on this Bill for 15 minutes and, as a courtesy, in my last five minutes I intend to speak in Irish. Deputies who might not be fully conversant, which is natural for many people, have a translation facility. Reachtaíocht náireach atá sa Bille um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013. Tabharfaidh sé cumhacht ar ais do na bainc sealbhóirí a cheannaigh a gcuid tithe roimh 1 Nollaig 2009 a dhíbirt as na tithe sin má tá siad i ngéarthrioblóid le aisíocaíochtaí a gcuid morgáistí. Chaill na bainc an ceart sin nuair a aisghairmíodh alt 62(7) den Acht um Chlárú Teidil 1964. Nach iontach an rud é nach bhfuil ar intinn ag an Rialtas slite nua cruthaitheacha a chur chun cinn chun déileáil le morgáistí atá i gcruachás? Níl ar intinn ag an Rialtas ach dul siar go meon barbartha na tiarnaí talún agus daoine a chaitheamh amach as a dtithe má tá siad i gcruachás. Os rud é go bhfuil na bainc chun an cumhacht tíoránach seo a fháil, is féidir a rá go bhfuil siad mar aicme nua tiarna talún sa tír seo.
Is léir go bhfuil an Rialtas seo de chuid Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i mbraighdeanas ag na margaí airgeadais. Tá siad sínte ar an talamh roimh cumhacht eacnamaíochta na margaí sin. Tá siad ullamh chun cumhacht tíoránach a thabhairt do na bainc arís. An bhfuil sé dearmadta ag an Rialtas go bhfuil an córas airgeadais - go háirithe, na hinstitiúidí móra príobháideacha airgeadais - ciontach as an ngéarchéim tubaisteach eacnamaíochta atá ag goilliúnt ar sochaí mórthimpeall na hEorpa le cúig bliana anuas anois? Chuir na bainc céanna, mar aon le forbróirí agus an lucht speicléireachta, costas tithíochta in airde faoi 400% ón bhliain 1997 go dtí an bhliain 2007. Os rud é go raibh na hinstitiúidí seo faoi ndear na brabúsaíochta, ní raibh aon dul as ag gnáthoibrithe ach morgáistí millteannacha móra - 40 bliain ar fhad - le haisíocaíochtaí ollmhóra a thógaint amach. Bhí sé soiléir nuair a thit an pirimid as a chéile, nuair a chaill na mílte a gcuid post agus nuair a íslíodh pá na mílte eile, go gcaithfí beart radacach a dhéanamh cun réiteach a fháil ar an gceist. Tá an Rialtas ag leanúint leis an tseanslí céanna. Tá sé ag brath ar na bainc a bhí faoi ndear na géarchéime ar an gcéad dul síos.
Molann an Páirtí Sóisialach a mhalairt de pholasaí. Ba cheart an luach ollmhór a cuireadh ar tithe le linn an tréimhse bolgánach a íslú go dtí luach réadúil an lá inniu. Ba cheart na híocaíochtaí míosúla a íslú dá réir. Sa tslí seo, thabharfaí fuascailt dóibh siúd atá i dtrioblóid agus i gcruachás lena morgáistí. Fuasclaíodh an cur chuige seo na billiúin euro a rachadh isteach san eacnamaíocht. Cabhródh sé sin le éileamh ar earraí, seirbhísí agus a leithéid a fhorbairt. Mar thoradh ar sin, bheadh roinnt daoine atá dífhostaithe faoi láthair in ann filleadh ar obair sna siopaí agus sna seirbhísí. Má táimid ag brath ar an gcórás caipitleach faoi mar atá, ní tharlóidh sé seo. Is féidir linn ceist tromchúiseach na hinstitiúidí airgeadais agus na bainc atá in úinéireacht phoiblí, faoi stiúrú dhaonlathach na ndaoine, a réiteach sa tslí seo. Ag an am céanna, is féidir linn fuascailt a thabhairt dóibh siúd atá faoi dianbhrú os rud é go bhfuil siad i gcruachás lena morgáistí agus cabhrú le cúrsaí eacnamaíochta na tíre seo a fheabhsú. Ba cheart dúinn an bóthar radacach sin a thógaint, seachas leanúint leis an tseanslí atá teipthe go tubaisteach go dtí seo.
No comments