Dáil debates

Tuesday, 14 May 2013

Report on Offshore Oil and Gas Exploration: Statements

 

7:20 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tháinig athrú an-aisteach ar an Aire. Bhí mise i gcónaí den tuairim go raibh an fhírinne idir an dá rud. Dúirt mé é sin ar an oíche sin. Mhol mé go mbreathnódh an coiste Oireachtais, nach raibh bunaithe ag an am, ar an gceist seo ó thus go deireadh. Chaith an coiste go leor ama ag plé na tuarascála seo. Is dóigh liom go raibh sé suntasach go raibh aontas i ndeireadh thiar idir Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin agus na comhaltaí Neamhspleácha ar an gcoiste faoin tuarascáil seo. Bhí súil agam go mbeadh an toradh sin ar ár gcuid oibre. Chreid muid go ndearna muid dóthain staidéar ar an fhadhb ionas go dtiocfadh muid ar chomhthuiscint. Tá súil agam go bhfuil muid imithe ón gcaint éasca a bhíodh ann roimhe seo. Tá go leor airgid curtha amú. Tá saibhreas aisteach curtha amú tríd na téarmaí a bhí ann go dtí seo. Bhí daoine eile ag comhairle go dtiocfaimid siar ar shocruithe conartha a bhí déanta. Ar an taobh eile den scéal, chreid muid go bhféadfaimid barr feabhais a chur ar an bpolasaí a bhí agus atá ag an Rialtas i dtaobh na ceiste seo.

Ba mhaith liom labhairt faoi cheann de na rudaí is suntasaí a tháinig amach faoi dheireadh idir an dá linn. Caithfidh mé a rá gur lorg mé an t-eolas seo fiú nuair a bhí mé sa Rialtas. Tuigim go bhfuil ceadúnais tugtha amach i taobh 4% den fharraige ar fad sa dlínse atá againn. Dúradh nach bhfuil ceadúnais tugtha amach ach i taobh 9% den áit ina bhfuil an cloch fábharach ó thaobh ola nó gáis a bheith ann. Dá bhfaightí Ekofisk de shaghas éigin maidin amárach, bheadh 91% fágtha againn. Mar sin, tá sé ciallmhar go seasfaimid leis na téarmaí a bhaineann leis na comhlachtaí a bhfuil ceadúnais acu cheana féin.

Tá mé sásta go bhfuil an tAire ag rá go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar Acht 1960, nó go bhfuil sé sin á dhéanamh. Tá súil agam go bhfeicfidh muid toradh na hoibre sin go luath. Tá mé díomách faoin dearcadh atá ag an Aire maidir leis na téarmaí airgid atá á moladh againn. Bhí gach éinne ar an gcoiste den tuairim nár cheart dul siar ar aon socrú atá déanta. Feictear dom go bhfuil sé réasúnta a rá go gheobhadh an Stát 40% i gcás tobar beag agus 60% i gcás tobar measartha mór, agus má fhaigheann comhlacht jackpot ar nós Ekofisk, ba cheart go n-íocfadh sé 80%. Ba mhaith liom an difíocht idir an rud atá ann agus an rud a bhí á moladh againn a mhíniú. De réir na Roinne, dá bhfaightí Ekofisk an chéad uair eile, cuirfear 80% air. Ar ndóigh, sílim go bhfaigheann muintir na hIorua 78%.

Bhí muid ag moladh gur cheart a rá leis na comhlachtaí go n-íocfaidh siad rátaí ard má fhaigheann siad tobar ola iomlán, ach nach mbeidh orthu aon airgead a íoc go dtí go mbeidh an gáis nó an ola acu. Dúirt an tAire anseo tráthnóna nach aontaíonn sé leis an argóint sin. Tá mé cinnte nach n-aontaíonn oifigigh na Roinne leis. Ceapann siad go raibh na téarmaí a réitigh muid sa bhliain 2007 ró-dhian. Dúirt siad istigh i gcoiste nach raibh an Rialtas deiridh, ina raibh mé féin páirteach, ceart nuair a mhéadaigh muid na téarmaí go dtí 40%. Cheap mé go raibh an ceart againn. Glacaim leis go bhfuil an tAire ar aon tuairim leis an gcinneadh a rinne muid. Aontaíonn sé go raibh an ceart againn. Mar sin, bhí díomá orm inniu nach raibh an tAire sásta glacadh leis an moladh a rinne an coiste. Dar liom, glacfadh pobal na hÉireann leis an moladh sin. Tabharfadh sé an-mhisneach dóibh nach bhfuil aon rud á dhíol saor againn mar thír. Fáiltím roimh an athbhreithniú go bhfuil an tAire le déanamh ar na téarmaí airgid. Is dul chun cinn beag é sin. Beidh muid ag súil leis an tuarascáil sin. Beidh muid ag súil go mbeidh moltaí maithe ann le leas na tíre seo.

Níor thagair an tAire don mholadh go mbeadh fóram de gheallshealbhóirí ar fad ann. Dá mbeadh a leithéid ann, is dóigh liom go gcuirfí go leor den mhíthuiscint atá ann faoin tionscal seo agus go leor den rúndacht a bhíonn i gceist leis an Roinn ar neamhní agus go gcothódh sé muinín sa rud atá ar bun. Cé a bheadh páirteach san fhóram seo? Ar ndóigh, bheadh ról ag an Roinn sa chomhthéacs seo. D'fhéadfadh cuid de na húdaráis a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta agus chomhshaoil - an EPA, mar shampla - páirt a ghlacadh ann. D'fhéadfadh ceardchumainn a bhíonn ag plé leis an tionscal bheith páirteach. D'fhéadfadh an dream a bhíonn ag plé le tóraíocht ola agus na comhlachtaí a bhíonn ag iarraidh ola agus gáis a aimsiú amach ón gcósta bheith rannpháirteach. D'fhéadfadh Foras na Mara, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus go leor dreamanna eile bheith ann. Dar liomsa, ba cheart go mbeadh na pobail atá bainteach leis an tionscal ann freisin. Tá sé éasca teacht ar shocruithe a roghnódh muintir an phobail. Níl sé chomh deacair sin pobail a láimhseáil. Dá ndéanfaí é sin, is dóigh liom go gcruthófaí agus go gcothófaí go leor muinín sa mhéid atá ar bun.

Ba mhaith liom focal a rá mar gheall ar an mbuntáiste don phobal áitiúil, nó community gain. Is féidir leis an mBord Pleanála a rá gur cheart go mbeadh buntáiste i gceist don phobal. Tá dhá locht agamsa ar an socrú atá ann i láthair na huaire. Níl rud ar bith sa saol nach féidir a fheabhsú. Is é an rud daonna gur cheart a dhéanamh ná rudaí a fheabhsú de shíor agus go síoraí. Tá sé i gceist agam an reachtaíocht a athrú ionas go mbeadh sé éiginnteach 1% den infheistíocht, mar shampla, a chur ar fáil do na pobail áitiúla. Sa chás sin, ní bheadh aon rogha ag an mBord Pleanála ach órdú go gcuirfí an t-airgead sin ar fáil. Ní dóigh liom gur cheart go mbeadh sé faoi na chomhlachtaí an t-airgead sin a thabhairt amach. Nuair a bhí Shell ag tabhairt amach airgead i dtuaisceart Mhaigh Eo, bhí daoine sásta é a thógáil. Cheap daoine eile gur breab a bhí ann agus go dtabharfadh Shell an t-airgead don dream a bhí fábharach dóibh. Molaim go mbeadh coinníoll statúideach ann go gcaithfí airgead a chur ar fáil don phobal áitiúil. D'fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh faoi línte ardchumhachta, mar shampla. Ba cheart an t-airgead a chur ar fáil don phobal áitiúil agus é a roinnt ar bhealach a bheadh leagtha síos ag an Roinn nó ag an mBord Pleanála. Ba cheart é a roinnt trí údaráis a bheadh neamhspleách ón bhforbróir a thabharfadh an t-airgead. D'fhéadfaí na húdaráis áitiúla a úsáid, ach ní hé sin an rogha ba ansa liom. B'fhearr liom go dtabharfaí an t-airgead do leithéidí na gcomhlachtaí Leader a chuir muid ar bun le ionadaíocht maith pobail iontu. Tá an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leo, ar ndóigh. Dá mbeadh deis acu an t-airgead a roinnt, bheadh an próiseas céim amháin ó na comhlachtaí forbartha.

Ba mhaith liom labhairt faoi dul i gcomhairle. Tá an ceart ag an Aire sa mhéid a dúirt sé faoi ról an chomhairliúcháin sa chóras. Tá a fhios againn gur theip ar na córais dul i gcomhairle leis an bpobal. Deireann an pobal go minic nach mbíonn a fhios acu cén uair a bhíonn an dul i gcomhairle ann. Os rud é go bhfuil sé déanta céim ar chéim tríd an bpróiseas, bíonn sé ródheireanach nuair a thuigeann siad na himpleachtaí uilig. Bhí fadhbanna ann nuair a rinneadh dul i gcomhairle faoin bpíobán gáis i gcás na Coiribe, mar shampla. Bhí an ola amuigh san fharraige in áit amháin agus bhí an críochfort in áit eile. Ní raibh ach bealach amháin leis an ngáis a thabhairt isteach. Mar sin, nuair a bhí an dul i gcomhairle ann faoin bpíobán, bhí daoine ag rá nár féidir mórán athrú a dhéanamh ar an gcosán. Is dóigh liom gurb é an uair is mó a theastaíonn an dul i gcomhairle ná nuair atá an bunphlean forbartha - an schematic plan - á chur le chéile ag tús an phróiseas. Tá mé cinnte dearfach nach raibh pobal tuisceart Mhaigh Eo ar an eolas nuair a bhí an plean sin á réiteach. B'fhéidir gur fógraíodh go mbeadh a leithéid de dul i gcomhairle ann, ach níor thuig muintir na háite na himpleachtaí. Caithfidh muid breathnú ar an gceist sin agus déanamh cinnte de, an chéad uair eile, go mbeidh a fhios ag daoine go mbeidh an dul i gcomhairle sin ann.

How much time do I have left?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.