Dáil debates

Tuesday, 14 May 2013

Report on Offshore Oil and Gas Exploration: Statements

 

7:20 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fíor-áthas orm deis a bheith agam cúpla focal a rá i dtaobh na tuarascála seo anocht. Caithfidh mé a rá go bhfuil díomá orm gur thóg sé bliain an plé seo a eagrú sa Dáil. Tá díomá orm freisin faoin dearcadh diúltach, sa chuid is mó, atá á ghlacadh ag an Aire. Rinne an coiste go leor oibre ar an ábhar seo. Más buan cuimhne an tAire, rinne an Dáil plé trí huaire an chloig ar rún a chur Sinn Féin ar aghaidh in am Comhaltaí Príobháideacha dhá bhliain ó shin. Dúirt mé an oíche sin nárbh fhiú mórán an plé sin mar bhí an gnáthrud á rá ag gach éinne. Dúirt Sinn Féin go raibh na billiúin amuigh ansin, agus nach raibh le déanamh ach slat iascaigh a chaitheamh amach san fharraige chun iad a fháil. Bhí an gnáthrud ag teacht ón Roinn freisin. Tháinig athrú an-sciobtha ar an Aire ón mhéid a bhí á rá aige agus ag a pháirtí sa Fhreasúra, i gcomparáid leis an méid atá á rá aige anois mar Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.