Dáil debates

Wednesday, 1 May 2013

Other Questions

Rural Development Programme Projects

2:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a dúirt fear liom uair nuair a bhí mé ag déanamh leithscéalta, "Ní leithscéal atá uaim, tá maidí adhmaid uaim." Sa chás seo, séard atá ó na daoine atá ag fanacht ar a gcuid airgead ná airgead. Ní fadhb dóibh siúd plé idir an Roinn agus na comhlachtaí Leader. Cén uair a dhéanfar íocaíocht leis na dreamanna ar fad atá ag fanacht ar íocaíochtaí i gceantar Chonamara ar dheontais a bhí ceadaithe ag MFG? Sin an cheist. Tá siad ag fanacht le freagra ar an cheist sin le bheith in ann a rá leis an dream a thug iasachtaí dóibh cén uair a bheidh siad in ann íocaíocht a dhéanamh orthu siúd. An ndéanfar an íocaíocht sin as seo go ceann coicíse?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.