Dáil debates

Wednesday, 1 May 2013

Other Questions

Rural Development Programme Projects

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil íocaíocht dá laghad déanta i gceantar Chonamara atá faoi chúram Comhairle na n-Oileán? Le sampla a thabhairt dó de na fadhbanna atá ag éirí as seo, tá eagraíocht amháin atá ag fanacht le deontas ón samhradh 2011 agus táimid anois i mí na Bealtaine 2013. Tá fiacha ag an eagraíocht leis an chomhar creidmheasa agus tá €14,000 íoctha in ús aici. Níl Comhairle na n-Oileán ag tabhairt leide cén uair a íocfar na tograí seo i gConamara. An féidir leis an Aire Stáit deimhniú cén uair a íocfar na tograí i gConamara, a raibh airgead ceadaithe acu roimh leachtú MFG agus nach bhfuil a gcuid airgead faighte acu fós?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.