Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

Other Questions

Irish Language

4:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is féidir liom cur in iúl don Teachta ach ní thabharfaidh sé am dom chun freagra a thabhairt. Is féidir liom na critéir atá anseo agam a chur in iúl don Teachta. Síneofar iad taobh istigh d'achar an-ghearr ar fad. Tá siad go léir anseo agus cuirfimid in iúl don Teachta iad. Níl an t-am agam iad a léamh amach ach tabharfaidh mé dó iad. Tá na critéir ansin, agus tá an obair déanta, tá siad réidh le síniú agus síneofar iad gan mhoill. Rachaimid ar aghaidh ansin. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuilimid ag dul ar aghaidh.

Maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, d'fhéadfainna Tráth na gCeist a chaitheamh ar gach ceann acu - oideachas, an Ghaeltacht, meáin agus teicneolaíocht, foclóirí agus an saol eacnamaíoch, an dul chun cinn atá déanta i ngach ceann acu siúd le bliain nó dhó anuas - dá mbeadh am agam. Beidh deis agam é an dhéanamh am éigin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.