Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:00 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Séard atá an Teachta ag rá ná go bhfuil difríocht ann idir seirbhísigh poiblí agus iad siúd atá ag obair sna seirbhísí poiblí. Is daoine sa líne tosaigh iad múinteoirí atá ag obair inniu. Is duine sa líne tosaigh é freisin aon innealtóir atá ag obair don chomairle áitiúil. Ní hiad na gardaí ná na banaltraí amháin nó na dreamanna eile a luann daoine go minic amháin atá ag obair sna línte tosaigh. Tá jab le déanamh ag chuile seirbhíseach poiblí agus tugann siad seirbhís do mhuintir na hÉireann nuair a dhéanann siad an jab atá acu le déanamh. Táthar, don chuid is mó ag obair i línte tosaigh.

Tá an Teachta ag caint faoi daoine agus ag rá go bhfuil gearradh siar níos mó á dhéanamh orthu, cé nach bhfuil tuarastal an-ard acu, ach tá an Teachta ag tabhairt san áireamh ansin an obair atá á dhéanamh acu ar an Satharn agus ar an Domhnach. Ach maidir le seo agus na ceardchumainn a d'fhan istigh ag na díospóireachtaí, gearradh siar ar an moladh a rinne an córas bainistíochta agus aontaíodh go dtabharfaí pá ráta de 1.75% thar nais do na hoibrithe, de thoradh ar an soiléiriú agus an argóint a rinne na ceardchumainn i leith iad siúd atá ag obair sna seirbhísí poiblí.

Níl ceardchumann ag na ngardaí, ach le blianta anuas bhí siad in ann a n-argóint a dhéanamh agus na fadhbanna agus an míshástacht a bhí acu a lua cé nach raibh siad sa chóras go díreach mar ceardchumann. Má ghlacann na ceardchumainn leis an bpáipéar, beidh sé thar bhráid an tseirbhís poiblí ar fad. Níl sé i gceist ar chor ar bith go ndéanfar díriú mífhéaráilte ar dhaoine áirithe atá ag obair sa tseirbhís phoiblí. Tá sé i gceist go mbeidh sé féaráilte thar an réim ar fad. Is é sin an rud atá sa pháipéar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.