Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:00 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom mo chomhgairdeas a ghlacadh leis an Teachta as ucht an iarracht atá á dhéanamh aige an teanga a fhoghlaim. Mar is eol dom, cé go raibh Gaeilge na scoile ag an Teachta nuair a tháinig sé isteach anseo, bhí sí caillte aige agus tá sé ag déanamh tréan iarrachta an teanga a fhoghlaim arís. Is maith an rud é sin dó mar Theachta agus mar Éireannach. Gabhaim comhghairdeas leis agus molaim dó leanacht ar aghaidh leis na ceachtanna agus an cleachtadh agus tiocfaidh an Ghaeilge thar nais chuige.

Maidir le comhaontas Pháirc an Chrócaigh, séard atá i gceist ná go mbeidh iad siúd a bhfuil an méid is mó acu ag íoc an méid is mó. Sin an fáth go bhfuil an gearradh siar suas go 10% dóibh siúd atá ag fáil níos mó ná €180,000 mar thuarastal. Tá a fhios ag an Teachta nach dtosaíonn an gearradh siar ar phá ach ar thuarastail atá níos mó ná €65,000. Tosaíonn an gearradh siar ar 5.5% agus éiríonn sé chomh hard le 10%. Mar sin, níl gearradh siar ar bith ó thaobh pá de do seirbhísí poiblí atá ar thuarastal níos lú ná €65,000.

Freisin, thar an tseirbhís phoiblí ar fad, de réir an páipéar atá curtha os comhair na gceardchumann ag an coimisiún, ta an comhaontú seo féaráilte thar an réim ar fad. Ní mar a chéile chuile duine atá ag obair sa chóras poiblí, cibé banaltraí, múinteoirí, daoine ag obair sna comhairlí áitiúla, gardaí nó duine ar bith eile iad. Aontaítear sa pháipéar ón gcoimisiún go bhfuil an comhaontú féaráilte thar an réim ar fad agus is iad siúd atá an méid is mó acu a bheidh ag íoc an méid is mó. Mar is eol don Teachta, tar éis an bhuiséíd, tá suas le €500 milliún le fáil uathu siúd atá na tuarastail is mó ar fáil acu.

Tá am anois ag na ceardchumainn an páipéar a scrúdú agus díospóireacht a bheith acu faoi céard is brí leis na téarmaí do chuile duine agus a n-aigne a dhéanamh suas faoi. Tá súil agam go nglacfaidh siad leis an comhairle seo. Má ghlacann, beidh deireadh leis ansin go dtí deireadh an chláir agus ní bheidh an Rialtas ag teacht ar ais le gearradh siar eile ar bith a chur orthu. Is maith an rud é sin mar beidh gach duine in ann a chúrsaí a phleanáil as seo amach. Tá an t-am ag teacht agus tá cinneadh le déanamh ag na ceardchumainn. Tá cuid acu ag rá gur maith an rud é seo agus gur mhaith leo go nglacfaí leis, agus tá cuid eile nach bhfuil sásta leis. Caithfidh siad a n-aigne a dhéanamh suas, agus tá súil agam go nglacfaidh siad leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.