Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

10:50 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá níos mó ná €3.5 milliún íoctha faoin scéim a tugadh isteach. Tá suas le 766 iarrthóirí a bhfuil suim acu bheith páirteach sa scéim seo agus is maith an rud é sin. Tá suas le 53 portach ardaithe ag a bhfuil limistéar caomhantais speisialta agus caithfear go gcuirfear plean faoi leith os comhair na hEorpa faoi gach ceann acu. Ní furasta sin ó thaobh cúrsaí uisce agus cúrsaí forbartha na bportach sin. Tá obair ar siúl ar na portaigh atá i gceist anseo agus obair ar siúl ó thaobh plean leathan maidir leo. Beidh gach portach ag teacht isteach faoin bplean san am atá le teacht. Tá jab mór le déanamh ag an Roinn anseo.

Cuireadh comhairle do na portaigh ar bun, ar a raibh iar-bhreitheamh i gceannas, agus rinne an chomhairle sin a lán oibre. Is cúis díomá dom é go bhfuil daoine os comhair na cúirte ach ní féidir cur isteach ar obair na Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Tá an scéim an-tábhachtach agus tá trí phointe maidir leis: portaigh eile a thabhairt dóibh siúd ar a bhfuil fonn leanúint ar aghaidh, airgead a thabhairt dóibh siúd atá sásta glacadh leis an scéim, agus móin saor in aisce a thabhairt do dhaoine eile atá ag dul anonn in aois.

Leis an obair atá á dhéanamh ag an Aire agus a fhoireann, beidh siad in ann leis an chomhairle tailte móna déileáil le daoine ionas go mbeidh muinín acu sa méid atá ar siúl. Níl daoine a bhaineann móin le sleán i gceist anseo. Níl a fhios agam an ndearna an Teachta an obair sin é féin i riamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.