Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

10:40 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios ag an Teachta nach féidir liom rud ar bith a rá faoi chás atá os comhair na cúirte. Ar feadh na céadta bliain, bhí muintir na hÉireann ag baint móna as na portaigh leis an sleán, srl. Níl sé sin i gceist anseo.

Maidir le cúrsaí san Eoraip agus anseo ó thaobh dúlra de, tá portaigh ar fud na tíre agus is limistéir chaomhantais speisialta iad. Sin an fáth gur tugadh isteach an scéim go mbeadh gearradh siar agus ansin deireadh le baint na móna sna portaigh sin. Ní dhearnadh rud ar bith faoi seo le 13 bliana anuas cé gur dúirt na hiar-Airí go ndéanfaí rud éigin faoi. Ag éirí as sin, bhí pionós gearrtha ar Rialtas na hÉireann, agus de thoradh air sin ar mhuintir na hÉireann, toisc nach ndearnadh rud ar bith.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim isteach go mbeadh liúntas ar fáil dóibh siúd a ghlac páirt sa scéim agus go mbeadh portaigh nua le fáil ag an chuid eile ionas go mbeidís in ann leanúint ar aghaidh le baint na móna. Dóibh siúd atá ag dul anonn in aois, beidh móin ar fáil saor in aisce acu agus tabharfar sin díreach dá dtithe chuile bliain. Tá ag éirí go maith leis an scéim sin.

Tá a fhios agam go bhfuil díomá ar líon beag daoine mar gheall air seo. Tá an tAire agus foireann na Roinne ag obair ionas go mbeidh réiteach leis seo agus go mbeidh an scéim ar fáil ionas go mbeidh daoine in ann glacadh leis – airgead a fháil má éiríonn siad as móin a bhaint, portaigh nua a chur ar fáil dóibh siúd a mbeidh gá acu agus fonn orthu leanúint ar aghaidh le baint na móna agus móin ó phortaigh eile a thabhairt díreach do thithe na ndaoine eile.

Beidh cead ag na daoine seo leanúint ar aghaidh lena bportach féin. Beidh cead acu dul air agus turasóirí a thabhairt ann. Fadhb chasta í seo agus cé nach bhfuil an tAire ag déileáil leis ach le dhá bhliain anuas, tá obair mhaith déanta aige san am sin.

Níor mhiste liom go mbeadh duine ar bith os comhair na cúirte mar gheall air seo ach tá a fhios ag gach duine céard é an dlí agus céard ba chóir a dhéanamh. Nílim ag caint faoi fheirmeoirí agus faoi dhaoine áitiúla atá ag baint móna le sleán. Tá innill mhóra ag obair ar na portaigh seo agus le cuid acu, rinneadh an-damáiste. Tá na cásanna seo os comhair na cúirte agus ní féidir liom focal a rá fúthu. Tá an dlí soiléir agus ba mhaith liom go mbeadh chuile duine in ann glacadh leis an dlí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.