Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:30 am

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom dhá cheist ar reachtaíocht geallta a chur ar an Taoiseach. Tá suntas ar leith ag baint leis an mBille um leachtanna náisiúnta i gcomhthéacs an comóradh 100 bliain a tharlóidh sa bhliain 2016, go háirithe timpeall Sráid Uí Mhórdha. Cathain a fhoilseofar an reachtaíocht sin? Baineann an cheist atá agam i dtaobh cúrsaí tithíochta leis an gceist a bhí ag an Teachta Ó hUiginn. Tugaim faoi deara ón eolas a thug an tAire Stáit dom le déanaí go bhfuil a lán daoine i gContae Chill Dara á dhíbirt as a dtithe ag Comhairle Chontae Chill Dara. Tá athsheilbh á ghlacadh ag Comhairle Chontae Chill Dara ar níos mó tithe ná mar atá á dhéanamh ag aon comhairle chontae eile sa tír. Conas mar a sheasann Bille na dtithe? An gclúdóidh sé an sórt rud atá ar siúl i gContae Chill Dara?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.