Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:20 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá dhá cheist agam don Taoiseach. Maidir leis an Bille a bhaineann le foraoiseacha, cén uair a fhoilseofar é agus cén uair a thiocfaidh sé os comhair an Tí? An mbeidh moltaí ann maidir le díol na gcrann atá ag Coillte Teoranta? Mar is eol don Taoiseach, tá amhras mór ar an bpobal maidir leis an moladh atá ag an Rialtas na crainn atá ag Coillte a dhíol agus an dochar a dhéanfadh sé sin.

Baineann an dara cheist leis an mBille i dtaobh tomhaltóirí agus iomaíocht, Bille Uimh. 13 atá le foilsiú an seisiún seo. Tá fíor thábhacht ag baint leis an mBille seo ach níl ach cúig seachtain fágtha sa seisiún seo. An bhfoilseofar an Bille sin i rith an tseisiúin seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.