Dáil debates
Wednesday, 6 March 2013
Order of Business
11:20 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá a fhios ag an Teach go bhfuil IBRC imithe agus gur cuireadh isteach bainisteoir speisialta. Tá conradh sealadach tugtha ag an bainisteoir speisialta do na daoine a bhí ag obair le IBRC agus tá súil agam, agus de réir an bhainisteora speisialta, tar éis am cuí beidh an cuid is mó dóibh siúd a bhí ag obair le Anglo Irish Bank agus IBRC in ann obair nua a fháíl sa chóras nua. Maidir leis na daoine a bheidh ag obair i NAMA, is daoine speisialta iad agus tá siad ag obair ar chúrsaí speisialta airgeadais. Mar adúirt an Teachta, maidir leis an méid nach bhfaigheann obair leis an gcóras nua nó seans obair a fháil ar chúrsaí NAMA, tá súil agam go gcuirfear córas sásúil ar bun dóibh.
No comments