Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:20 am

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí mé ag éisteacht leis an Taoiseach agus ba mhaith liom a smaointe a chloisint faoi conas is féidir linn leanacht ar aghaidh le díospóireacht ar Bhillí anseo, mar tá Sinn Féin an-míshásta leis an tslí ina bhfuil an Rialtas ag cur stop le díospóireachtaí anseo agus ag baint úsáide as an gilitín. Tá a lán leasuithe le cur ag Sinn Féin, ach ní féidir linn caint fúthu ná ní féidir linn iad a chur. Sin mo bharúil faoin méid adúirt an Taoiseach bomaite ó shin.

Ba mhaith liom ceist a chur faoi reachtaíocht atá forógraithe, ceist an-tábhachtach don Aire Sláinte maidir leis an Bille Sláinte (Earraí Liachta a Phraghsáil agus a Sholáthar). Tá tuairisc san meáin go bhfuil seirbhísí sláinte sa Stát seo ag íoc suas le 24 uair níos mó le haghaidh drugaí generic ná mar atá an NHS ag íoc i Sasana. Sin bearna an-mhór, suas le 24 uair níos mó. Tá othair Éireannacha agus íocóirí cánach á scriosadh le seo. Cén uair an mbeidh an reachtaíocht seo os comhair na Dála arís agus cén uair a cuirfear í i bhfeidhm?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.