Dáil debates

Wednesday, 20 February 2013

Finance Bill 2013: Second Stage (Resumed)

 

8:05 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Leas-Cheann Comhairle. Maidir leis An mBille Airgeadais 2013, níl anseo ach daingniú ar an déine mar pholasaí Rialtais, an polasaí céanna atá Páirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael ag cur chun cinn le dhá bhliain anuas agus atá tubaisteach ó thosach go deireadh; níos mó ciorraithe agus níos mó ardaithe cánach ar ghnáth dhaoine agus ar ghnáth lucht oibre agus é sin ag cur isteach go tubaisteach ar chúrsai eacnamaíochta na tíre. Dá bhrí sin, chímid ráta dífhostaíochta 14.7%, agus 80,000 duine, daoine óga is mó, go raibh orthu imeacht ón tír an bhliain seo chaite ar imirce, mar nach raibh postanna annso dóibh. Tá an bonneagar briste i ndáiríre, gan infheistíocht á cur isteach i gcúrsaí eacnamaíochta agus ciorraithe ar infheistíocht phoiblí.

Ag an am gcéanna, tá an Rialtas ag tabhairt isteach cáin nua ar a ghlaonn sé cáin mhaoine áitiúil, ach i ndáiríre cáin ar thithe ghnáth dhaoine agus an lucht oibre is ea í. An mhí seo chugainn, nuair a shroichfidh dhá mhilliún litir teaghlaigh mórthimpeall na tíre beidh raic ó bhun barr na tíre maidir leis an cháin áitiúil seo, mar tuigfidh an gnáth duine, don chéad uair i ndáiríre, chomh tromchúiseach is atá an cháin seo, suas le €400 nó €500 in aghaidh na bliana ar an ghnáth lucht oibre atá faoi bhrú cheana féin maidir lena mbuiséid baile agus a leithéid. Nuair a shroichfidh na litreacha seo na tithe, is féidir leis an Rialtas a bheith ullamh le haghaidh raic mórthimpeall na tíre. Beidh clampar, fearg agus gubha thar barr ar dhaoine. Is féidir leis an Rialtas beith ag fanacht le feachtas ollmhór ar bhonn náisiúnta imeasc ghnáth dhaoine in aghaidh na cánach seo, mar tuigeann siad go bhfuil sí tromchúiseach go leor faoi mar atá ach go raghaidh sí ináirde gach bliain, agus nuair a cuirtear leis sin an cháin ar uisce beimid ag caint faoi €1,000 in aghaidh na bliana ar gach teaghlach tar éis cupla bliain.

Dá bhrí sin, bíodh an Rialtas ag feitheamh le feachtas chumhacht na ndaoine. Bíodh sé ag fanacht le daoine ar na sráideanna agus le daoine ag cur ina aghaidh in ngach slí gur féidir agus ag cur brú ollmhór ar na páirtithe atá ins an Rialtas, agus é sin go léir tuillte ag an Rialtas. Is tubaisteach an rud é dul chun cinn leis an gcáin áirithe seo. Ba cheart go dtarraingeodh an Rialtas siar. Ar deireadh thiar thall, is é atá ag teastáil ón tír.

Tá an córas caipitleach, an córas mhargadh airgeadais, briste ó thús go deireadh anois ionas nach féidir leis riachtanais ghnáth mhuintir na hEorpa a chomhlíonadh. Dá bhrí san, polasaithe raidiceacha maidir le hairgeadas agus le cúrsaí eacnamaíochta agus polasaithe sóisialacha atá ag teastáil, go mbéadh na bainc agus na hinstitiúidí airgeadais in úinéireact phoiblí agus faoi stiúradh dhaonlathach na ndaoine i dtreo is go mbeidís ag obair ar mhaithe le tromlach na ndaoine agus ní ar mhaithe leis an mionlach beag, na boic móra, agus le brabús an mhionlaigh úd.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.