Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
1:55 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
I move amendment No. 18:
In page 10, between lines 14 and 15, to insert the following:"5.—The Commission may appoint such and so many persons to be members of the staff of the Commission (an adequate number of whom should be competent in the Irish language so as to provide service through Irish as well as English) as it may determine with the consent of the Minister and the Minister for Finance.".Níl sé i gceist agam mórán ama a chaitheamh ar an leasú simplí seo. Tá mé ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an riachtanas seo ar an gcoimisiún. Thosaigh na riaráistí lena bhfuilimid ag déileáil ag dul i méid toisc nach raibh go leor acmhainní ag Rannóg an Aistriúcháin chun déileáil leo. Tá mé ag moladh sa leasú seo go "(bh)féadfaidh an Coimisiún cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin (a mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge [acu] chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon)". Tá fadhb againn toisc nach bhfuil foireann Thithe an Oireachtais dátheangach. Níl go leor oibrithe fostaithe i Rannóg an Aistriúcháin. Ní féidir liom mo chuid gnó san Oireachtas a dhéanamh go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir liom é a dhéanamh go huile is go hiomlán as Béarla, áfach. Tá mé ag déanamh iarracht arís a chinntiú go dtabharfar tús áite don Ghaeilge nuair atá ceapacháin á dhéanamh ag Coimisiún Thithe an Oireachtais sna blianta amach romhainn, ionas go mbeidh mo chearta agus cearta gach saoránach a dhéanann iarracht a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge cosanta ar a laghad sa Pharlaimint seo.
No comments