Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Sílim go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a bhfuil saineolas acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil ar aon cheann de na heagraíochtaí seo. Nuair a bheidh an cinneadh seo á dhéanamh, tá sé tábhachtach go bhfaighfear na daoine is fearr, má tá siad ina mbaill de na coistí seo nó nach bhfuil. Tá a fhios againn uilig daoine nach bhfuil sna heagraíochtaí seo a bhfuil sár-eolas acu. Nílimid ag dícháiliú duine ar bith - táimid ag tabhairt cead don choimisiún na daoine cearta a chur ar an gcoiste. Mar a dúirt mé, níl fáth ar bith nach dtiocfaidh cuid de bhaill an choiste as na heagraíochtaí seo. Níl fáth ar bith nach dtiocfaidh siad go léir as na heagraíochtaí seo. Níl fáth ar bith nach féidir dul taobh amuigh dóibh. Táimid ag tabhairt an freagracht sin don choimisiún. Sílim go bhfuil an Bhille mar atá sé dréachtaithe in ord. Níl mé sásta glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.