Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní thuigim. Chuir an tAire Stáit ceangal an t-athbhreithniú a dhéanamh chuile seacht mbliana agus ní raibh fadhb ar bith aige le ceangal sa gcás sin. An rud atá muid ag rá ná nach féidir athbhreithniú a dhéanamh sa lá atá inniu ann ar an chaighdeán gan tuairim na nAirí ábharacha a fháil.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom, agus cúram foclóireachta na tíre ar fad, Thuaidh agus Theas, ar Fhoras na Gaeilge, gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan Foras na Gaeilge a bheith gafa leis ó thaobh foclóireachta de? An bhfuil sé ag rá liom gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan an coiste téarmaíochta a bheith gafa leis? An bhfuil sé ag rá liom gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan na meáin, ar nós TG4 agus Raidió na Gaeltachta, a bhfuil an oiread dualgas orthu Gaeilge caighdeánach a chur i láthair an phobail agus a bhfuil an oiread tábhachta ag baint le go n-úsáidfaidh na tráchtairí atá acu Gaeilge chaighdeánach, a bheith páirteach ann? An bhfuil se ag rá liom gur féidir caighdeán a réitiu gan comhairle a glacadh leo siúd atá freagrach as oideachas trí Ghaeilge sa tír, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta? Ar ndóigh, tá a fhios agam céard atá i gceist. An rud atá i gceist ná leath-athbhreithniú a bheith ar bun chuile seacht mbliana agus gan dul i gcomhairle.

Tá an tAire Stáit ag cur ceangail ar an rannóg an jab a dhéanamh ró-mhinic, ach ansin nuair a dheineann siad é, níl sé sásta ceangal a chur orthu é a dhéanamh ceart. B'é mise mar Aire a thionscnaigh go ndéanfaí athbhreithniú ar an chaighdeán, mar a bhí an caighdeán a bhí ann le 60 bliain gan leasú ar bith déanta air ag Rannóg an Aistriúcháin. Bhí sé lochtach ó thús. Bhí mírialtachtaí gan gá tugtha isteach sa teanga. Bhí meascáin canúintí sna briathra, rudaí simplí laethúla. Bhí sé mícheart, mar shampla, a rá "bheadh muid". Caithfeadh muid "bheimís " a rá, cé go n-úsáidtear "bheadh muid" sa gcanúint is láidre sa tír, leagan atá i bhfad níos simplí ná an leagan táite den bhriathar.

Níl aon mhiniú á thabhairt ag an Aire Stáit ar aon rud. Níl sé in ann aon chúis a thabhairt dáiríre seachas, "ní ceart ceangal a chur orthu". Níl sé in ann aon chúis a thabhairt, mar go mbeadh sé riachtanach go mbeadh na dreamanna seo ar fad istigh ar choiste agus nach bhfuiltear ar fad riachtanach le hathbhreithniú a dhéanamh ar an chaighdeán. Níor thug sé oiread agus cúis mhaith amháin go bhféadfaí déanamh gan iad in athbhreithniú an chaighdeáin.

Is é an polasaí atá ag an Aire Stáit ná - an tAire gan géilleadh, an tAire gan athrú agus an tAire gan leasú. Tá sé ag déanamh mísce don Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.