Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
1:20 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Deirtear i nGaeilge go dtéann focal le gaoth agus is cinnte gur fíor sin leis an Aire Stáit seo. Chuile fhocal a deirimid anseo, imíonn sé leis an ghaoth mar ní éistíonn sé le tada. Is é an tAire Stáit gan leasú nó athrú. Is léir nach n-éistíonn sé le duine ar bith san Oireachtas seo agus nach bhfuil meas madaidh aige ar thuairimí mhuintir an Tí.
No comments