Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
12:40 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Níl mé chun moill a chur ar an díospóireacht mar tá sé soiléir cad atá i gceist. Tuigim an cleachtadh atá ann faoi láthair. Tá mise ag iarraidh go mbéadh rud beagán níos mó ná cleachtadh i gceist, go mbéadh sé de dhualgas ar an gcoimisiún an soiléiriú sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh go mbéadh an pobal ag scríobh chuig Rannóg an Aistriúcháin faoi gach ceist gramadaí atá acu, ach go mbéadh dualgas ar Rannóg an Aistriúcháin soiléiriú a dhéanamh má aithnítear, mar shampla, go bhfuil fadhb ann maidir le inscne nó riail gramadaigh de shórt éigin, seachas mion cheisteanna a fhreagairt don ghnáth phobal. Tá mé ag smaoineamh ar cheist faoi théarmaíocht i reachtaíocht, nó ceist ó oifigeach na cúirte nó ó ollamh, mar shampla, atá ag gabháil don Ghaeilge. Tuigim gur cleachtas cheana é. Táim ag moladh go mbéadh sé mar dhualgas sa reachtaíocht.
No comments