Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 9:

In page 8, between lines 25 and 26, to insert the following:

“(2F) It shall be a function of the Commission to provide clarification on An Caighdeán Oifigiúil from time to time, as it considers appropriate, in relation to questions of grammar and spelling which arise from the day-to-day work of Rannóg an Aistriúchán.”.

Tá an leasú seo ag dul le leasaithe 10 agus 11. Mar sin, ní dhéanfaidh mé mórán brú air.

Tá sé mar fheidhm ag Coimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus déanann sé é sin. Níl a fhios agam an bhfuil an fheidhm sin luaite i reachtaíocht. Moltar sa leasú go bhféadfadh Rannóg an Aistriúcháin soiléiriú a eisiúint ó am go ham agus nach gá, mar sin, athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaighdeán gach seacht mbliana, mar atá luaite san mBille. Mholfainn athbhreithniú iomlán a dhéanamh gach 20 bliain ar a mhéid. Má ghlacaimid leis gur sin ceann des na feidhmeanna atá ag Rannóg an Aistriúcháin ní gá an obair mhór mhillteannach a bhaineann le hathbhreithniú ar chaighdeán oifigiúil a dhéanamh gach seacht mbliana. I gcás an chinn nua is ait liom go bhfuiltear ag caint faoi athbhreithniú a dhéanamh i gceann trí bliana.

Molaim go mbéadh dualgas reachtúil ar Choimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a thabhairt nuair is gá, seachas caighdeán nua a eisiúint go rialta. D'fhéadfaí déileáil le roinnt mhaith des na ceisteanna a árdaítear thar na blianta. Sin ról a bhíodh ag Rannóg an Aistriúcháin ach níl a fhios agam an raibh sé scríofa in aon reachtaíocht. Tá mé ag iarraidh go mbéadh sé seo ceangailte ar an gcoimisiún mar dhualgas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.