Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is trua liom nach nglacfaidh an tAire Stáit leis an leasú. Tuigim cén fáth. An fhadhb is mó atá agam ná bhí agus tá pleananna ag Rannóg an Aistriúcháin deileáil leis na riaráistí. Bhí an plean ann ó bunaíodh an Stát. Tugadh gealltanas i ndiaidh gealltanais thar na bliana go mbeadh reachtaíocht príomha ar fad ar fáil as Gaeilge. Anois agus roinnt de na leasuithe a bhímid ag súil go mbeidís os comhair na Dála, tá an gealltanas athruithe arís. Is é sin an fáth go raibh mé ag iarraidh déanamh cinnte go ndéanfar aisghairm ar an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2011, ina bhfuil stádas difriúil ag an nGaeilge ó thaobh reachtaíocht de, nach gá go bhfoilseofar leagan Gaeilge go comhuaineach a thuilleadh mar a bhí i gceist faoin Acht roimhe sin. An tAire Dlí agus Ceart agus Comhionannais, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Airgeadais atá freagrach as an leasú sin.

Ní bheimid ag deileáil leis na leasuithe a bhaineann leis sin mar tá siad as ord toisc nach bhfuil siad gafa le príomh-théama an Bhille seo. An nóta a fuair mé maidir leis na leasuithe a chuir mé isteach i nGaeilge agus i mBéarla, nóta as Béarla, “amendment No. 21 is outside the scope of the Bill.” Tá na cinn eile as ord mar tá costas i gceist, in ainneoin gur sin an cleachtas a bhíodh ann agus ba iad na hAirí féin a rinne é a athrú díreach chun brostú a dhéanamh ar reachtaíocht a bhí ar fáil i mBéarla.

Sa chás seo, tuigim gur chóir go mbeadh solúbthacht i gceist, agus ó thaobh treoirlínte bheadh sin i gceist ar aon chaoi. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív, áfach, níl seo maith go leor. Nuair a deirim go raibh éacht déanta ag Rannóg an Aistriúcháin, tá éacht déanta aici ó thaobh méid foirne agus acmhainní a bhíodh inti. An fhadhb ná níor thug Tithe an Oireachtais nó an tAire Airgeadais go leor acmhainní don rannóg chun an jab a dhéanamh thar na blianta. Tá súil agam anois go bhfuil na hacmhainní ag Rannóg an Aistriúcháin.

Tá leasuithe ann atá as ord níos déanaí a ndeirim iontu gur chóir go ndéanfaí deileáil leis na riaráistí laistigh de trí bliana. Sin muidne mar Theachtaí ag iarraidh deis a thabhairt don Stát bogadh go tapaidh arís.

Rinneadh é seo cheana, rinne mé iarracht nuair a bhí Acht na dTeangacha Oifigiúla á phlé againn ach níor tharla sé. Fiú roimhe sin, ardaíodh an cheist seo sna cúirteanna agus tugadh gealltanais iontu go ndéanfaí a leithéid. Bhí mise sásta sprioc nua a thabhairt maidir le riaráistí nach raibh seans againn a phlé ar Chéim an Choiste, nó an plean a ba chóir a bheith ann chun deileáil leis na riaráistí. Níl a fhios agam cad é an plean nó an spriocdháta atá ag an Aire Stáit nó ag Rannóg an Aistriúcháin na riaráistí Achtanna a aistriú, ní fiú ionstraimí reachtúla nó reachtaíocht thánaisteach. Táim ag caint faoi bhun-reachtaíocht atá as Béarla amháin. Ní raibh an fhadhb seo ann riamh ó thaobh reachtaíocht Ghaeilge a aistriú go Béarla.

Tuigim cad tá á rá ag an Aire Stáit ach impím air a rá linn na díospóireachta seo cad é an sprioc ag Tithe an Oireachtais maidir le hAchtanna as Béarla a aistriú go Gaeilge as seo amach agus maidir leis na riaráistí. B’fhéidir ansin beimid in ann teacht ar ais i gceann bliana le rá gur éirigh le Rannóg an Aistriúcháin agus tá gach rud i gceart. Is féidir linn dul chun tosaigh ar an méid atá ag tarlú faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.