Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an freagra atá ann mar sin ná nach bhfuair an tAire Stáit comhairle. Dar ndóigh, mar adúirt an Teachta Ó Snodaigh, b'fhéidir gur mion phointe é. Dá dtiocfadh an tAire Stáit ar ais ar Chéim an Choiste nó ar Chéim na Tuarascála inniu - sin an gnáth phróiseas reachtaíochta sa Teach seo - agus a rá linn go raibh sé tar éis dul chuig an Ard-Aighe agus go raibh an tArd-Aighne tar éis a shoiléiriú dó, ainneoin an rud atá an tAire Stáit ag iarraidh a chur sa reachtaíocht, nach mbeidh aon chontúirt ann don reachtaíocht dá ndeachfaí ar strae beagáinín ón gcaighdeán, bheadh mise sásta glacadh le sin. Ach, is léir ón bhfreagra a thug sé nach bhfuil sé in ann é sin a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.