Dáil debates
Wednesday, 30 January 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhí Phoiblí
10:55 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá sé tábhachtach go mbéadh gach Rann Stáit ábalta freagra a thabhairt más i nGaeilg a chuireann duine den phobal glaoch air. Feicim féin feabhas, fiú amháin ag leibhéal na gcomhairlí contaetha i láthair na huaire. Nuair a chuirim glaoch bíonn an fháilte i nGaeilg agus i mBéarla go minic. Sílim gur dul chun cinn é sin. Nuair a chuireann gnáth shaoránach glaoch ar oifig an Choimisinéara Teanga bhéinn ag súil go mbíonn fáilte roimhe agus freagra aige i nGaeilg. Ní fheicim go mbeidh athrú ar bith air sin. Leanfaidh nós imeachta agus módh oibre an choimisinéara mar atá.
No comments