Dáil debates

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhí Phoiblí

10:45 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug me ar Cheist Dála Uimhir 45 ar 28 Samhain 2012 faoin ábhar seo.

Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair 2012 ar an dul chun cinn faoin bplean, d'aontaigh an Rialtas réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i bhfeidhm. Is iad seo a leanas na gníomhartha atá i gceist maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga. Déanfar Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe. Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá mo Roinnse i mbun plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na chéad céimeanna eile chun an cónascadh seo a chur i bhfeidhm. Breathnófar ar cheisteanna a bhaineann le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhthéacs an phlé sin. Mar fhocal scoir, ní miste a rá gur cúis sásaimh domsa é go mbeidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí mar thoradh ar chinneadh an Rialtais sa chás seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.