Dáil debates
Wednesday, 30 January 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Eitilte
10:45 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tuigim go bhfuil na hoileáin Árann i bhfad i bhfarraige agus tá a fhios agam go mbíonn an Teachta ann go minic. Bhí mé féin ansin cúpla uair sula gceapadh mar Aire Stáit mé agus is cinnte go raibh mé ar gach oileán acú ón am a ceapadh mé. Aontaím ar fad cé chomh tábhachtach agus atá sé go gcaithfidh na seirbhísí atá acu a choinneáil oiread agus is féidir. Tá deacrachtaí eacnamaíochta againn agus sin an fáth gur throid muid agus gur éirigh linn an €5.9 milliún céanna a fháil don bhliain reatha agus a bhí againn anuraidh, cé go raibh ciorruithe in go leor rannóga. D’éirigh linn é sin a choinneáil mar táimid ag tabhairt tosaíochta do na hoileáin.
Maidir le hoileáin atá i bhfad i bhfarraige, tá oileáin i mo dháilcheantar féin atá i bhfad i bhfarraige chomh maith, macasamhail Oileán Thoraí, a bhfuil daoine ina gcónaí iontu chomh maith.
Maidir leis an airgead, de ghnáth cosnaíonn an aer-sheirbhís agus na rudaí uilig a bhaineann leis sin thart faoi €2 milliún. Anuraidh chosain an chuid eile €1.6 milliún. I mbliana níl an íogar achomhair acmhainní againn (&).
Chuir an Teachta ceist faoi chostas farantóireachta chomh maith.
No comments