Dáil debates

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

10:45 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. In a theannta sin, tá conradh eile ag mo Roinn chun bainistiú a dhéanamh ar na haeradróim ar na hoileáin agus tiocfaidh deireadh leis an gconradh sin ar an dáta céanna. Cosnaíonn na seirbhísí sin beagnach €2 million ar mo Roinn in aghaidh na bliana. Is ionann é sin agus timpeall an tríú cuid de bhuiséad reatha mo Roinne do na hoileáin ábhartha go léir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag scrúdú na roghanna éagsúla a fheictear di a bheith aici i ndáil leis na seirbhísí seo. I measc na roghanna seo, tá rogha chun síneadh a chur leis na conarthaí atá i bhfeidhm faoi láthair. Táim ag súil go mbeidh mé in ann an cinneadh maidir leis seo a fhógairt faoi dheireadh mhí Feabhra ar a dhéanaí.

Ag deireadh an lae, beidh an cinneadh i leith na seirbhíse seo le tógáil i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil do mo Roinn le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí éagsúla iompair do na hoileáin ábhartha go léir. D'fhógair mé sa Teach seo i mí na Nollag 2012 go raibh allúntas de €5.9 milliún i maoiniú reatha ar fáil do na hoileáin in 2013. Ar ndóigh, ní miste a nótáil go bhfuil an figiúr seo faoi réir na Meastachán Athbhreithnithe a bheith foilsithe agus faofa i dtráth cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.