Dáil debates

Thursday, 6 December 2012

Financial Resolutions 2013 - Financial Resolution No. 15: General (Resumed)

 

1:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá áthas orm an deis seo a fháil labhairt sa Teach inniu maidir leis an soláthar do mo Roinn i dtaca le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. I dtús báire, ní miste a rá gur figiúirí tascacha iad na figiúirí a bheidh á lua agam, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i Feabhra 2013.

Is léir go bhfuil acmhainní an Stait thar a bheith tearc faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le leithdháileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair an Tí seo inné. I bhfianaise an tsoláthair laghdaithe atá curtha ar fáil do ghnothaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, is léir go mbeidh cinntí crua le tógáil ag mo Roinnse fosta. É sin ráite, tá sé i gceist againn na seirbhísí túslíne a chosaint oiread agus is féidir.

San iomlán, beidh beagnach €57 milliún le caitheamh ag mo Roinnse in 2013 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, lena n-airítear an Foras Teanga. Áirítear anseo beagnach €42.4 milliún atá le caitheamh ar ghnothaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus tuairim is €14.6 milliún ata le caitheamh ar an Fhoras Teanga thuaidh agus theas, faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Ní miste a rá go bhfuil laghdú idir 4% agus 5% tagtha ar an bhuiséad reatha agus go bhfuil laghdú 10% tagtha ar an bhuiséad caipitil sna réimsi a thagann faoi mo chúram. Ach é sin ráite, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtai a chomhlíonadh taobh istigh den tsoláthar a bheidh againn.

Mar is eol don Teach, tá cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ar an chloch is mo ar phaidrín mo Roinne ón uair gur tháinig sí i bhfeidhm i mí na Nollag 2010. Agus Acht na Gaeltachta 2012 ina dhlí anois, táimid ag tabhairt tús áite don phróiseas pleanála teanga agus muid ag treabhadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na straiteise.

Má bhreathnaítear ar an chaiteachas reatha i dtosach, tá me an-shásta a fhógairt go mbeidh tuairim is €3.4 milliún ag Údaras na Gaeltachta a bheidh le caitheamh ar chur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht agus, ach go hairithe, chun an próiseas pleanála teanga a fheidhmiú i gcomhar leis na heagraíochtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht. Is díol suntais atá ann gur éirigh linn buiséad reatha an údaráis a mheadú agus is féidir liom a rá gur tógadh an cinneadh sin mar gheall ar thábhacht an phróisis, pleanála teanga. Ina theannta sin, beidh tuairim is €9.2 milliún ag Údaraá na Gaeltachta dá bhuiséad riaracháin.

Chomh fada is a bhaineann sé le caiteachas reatha mo Roinne, meastar go mbeidh tuairim is €6.7 milliún againn le caitheamh ar na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta agus tuairim is €4.1 milliún againn le caitheamh ar na scéimeanna tacaíochta Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar na figiúirí seo ón bhliain seo caite, tá mé ag súil go mbeimid in ann na seirbhísí túslíne a chosaint sna réimsí seo, ar nós na mná tí agus na coláistí Gaeilge, oiread agus is féidir.

Ní miste a rá go bhfuil mé an-shásta a fhógairt go mbeidh an t-allúntas céanna, is é sin €5.9 milliún, ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin. Arís, is díol suntais atá ann gur éirigh linn an t-allúntas seo a choinneáil ag an leibhéal céanna, i bhfianaise na laghduithe atá curtha i bhfeidhm beagnach trasna an bhoird i mo Roinn.

Ar an taobh caipitil, tá mé an-shásta a fhógairt go bhfuil méadú tagtha ar an allúntas d'Údarás na Gaeltachta go tuairim is €6 mhilliún. Tógadh an cinneadh seo i bhfianaise tábhacht an allúntais seo do chruthú fostaíochta agus d'fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht. Idir allúntas an Státchiste agus acmhainní an Údaráis féin, tá mé ag súil go mbeidh an t-údarás in ann leanúint orthu ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

Maidir leis an allúntas caipitil a bheidh le caitheamh ag mo Roinn, beidh tuairim is €1.2 milliún le caitheamh ar na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta agus beidh allúntas de thuairim is €680,000 ar thaobh na n-oileán.

Maidir leis na háisíneachtaí a thagann faoi scáth mo Roinne, creidim go mbeidh soláthar dóthanach acu in 2013 chun leanúint orthu lena gcuid feidhmeanna reachtúla a chur i gcrích. Beidh allúntas iomlán de thuairim is €18.6 milliún ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le maoiniú breise óna gcuid foinsí féin. Beidh allúntas de €615,000 curtha ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga in 2013.

Ina theannta sin, beidh tuairim is €14.6 milliún ag an bhForas Teanga thuaidh theas, faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in am trátha.

Mar fhocal scoir, creidimse go bhfuil tiomantas an Rialtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin le feiceáil go soiléir sa leithdháileadh atá beartaithe do mo Roinn don bhliain 2013. Ciallaíonn an soláthar seo go mbeidh mo Roinn in ann leanúint uirthi ag tabhairt tosaíochta do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 BIiain don Ghaeilge, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeilge, na hUltaise, na Gaeltachta agus na n-oileán tríd an réimse leathan gníomhaíochtaí a mhaoiníonn mo Roinn agus áisíneachtaí mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.