Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ó tharla gur thagair an Teachta don Choimisinéir Teanga, tá an coimisinéir ansin agus na cumhachtaí céanna aige agus a bhí. Tá sé lonnaithe thiar i gCois Fharraige, mar a bhí, tá an fhoireann chéanna aige agus a bhí agus tá siad lonnaithe ins an Ghaeltacht mar a bhí. Bhí daoine ag rá anuraidh go raibh deireadh leis an gCoimisinéir Teanga, go mbeadh sé ag teacht aníos anseo go Baile Átha Cliath agus mar sin de. Ní raibh sé sin fíor. Tá sé ag gníomhú faoin Acht agus is cinneadh de chuid an Rialtais é sin.

Maidir leis na hoileáin, caithfidh mé buíochas a thabhairt don Teachta Kitt. Bhí na pointí a rinne sé an-thomhaiste. Dúirt sé go dtuigeann sé go bhfuil deacrachtaí airgid agus deacrachtaí achmhainní ag an tír. Bhí na pointí a rinne sé an-thomhaiste ar fad. Luaigh sé an t-aer sheirbhís go dtí na hoileáin. Bhí cruinniú tairfe againn inné le hionadaithe poiblí ó Ghaillimh Thiar in áit a phléigh muid an cheist. Tá achmhainní teoranta againn. Níl a fhios againn cad é an ciste a bhéas againn an bhliain seo chugainn, ach beidh a fhios againn nuair a thiocfaidh an cháinaisnéis amach cad é an ciste a bhéas againn. Ansin, beimid ag tabhairt cuirí arís do Aer Árann agus do mhuintir Árann chun scrúdú a dhéanamh ar an cheist agus chun a fháil amach an mbeidh aon réiteach ar an cheist an-chasta seo. Cosnaíonn sé a lán airgid an tseirbhís a choinneáil. Tá seirbhís an-mhaith farantóireachta go dtí na hoileáin chomh maith. Bhí mé féin ar an báid go dtí na hoileáin agus caithfidh mé a rá go bhfuil seirbhís den scoith ar fáil. Is deas an rud seirbhís aeir a bheith ar fáil ach caithfimid amharc air i gcomhthéacs an méid airgid a bhéas againn agus na moltaí a thiocfas ó Aer Árann féin agus ó mhuintir na n-oileán. Bhí cruinniú maith againn.

Bhí mé ag éisteacht go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Ó Snodaigh. D'fháilteoinn go mór le haon moltaí a chuirfeadh sé le húsáid Gaeilge i dTithe an Oireachtas a chur chun cinn. Tá deacracht mhór againn ansin agus éiríonn an cheist seo bliain i ndiaidh bliana. Thagair an Teachta do úsáid na Gaeilge in Aontas na hEorpa chomh maith. Rinne an Teachta Donohoe tagairt dó sin chomh maith. Bí mé féin ag cruinniu amháin des na hAirí sa Bhruiséal agus thug mé an óráid i nGaeilge. Bhí gach duine ábalta mé a thuiscint mar go bhfuil na gléasanna aistriúcháin ansin. Tá an-shuim ag an Taoiseach, agus muid ag teacht isteach ar an Uachtaránacht sa sé mhí amach romhainn, go mbainfimid go léir úsáid oiread agus is feidir as an nGaeilge. Nuair atá an Ghaeilge aitheanta ag leibhéal na hEorpa níl sé ach ceart go mbainfí úsáid aisti.

Shíl an Teachta Donohoe gur téarma ró-ghairid é seacht mbliana le huasghrádú a dhéanamh ar an chaighdeán. Níl a fhios agam faoi sin. Tá sé ró-fhada ó rinneadh an uasghradú dheireanach ó 1958. Bíonn teanga bheo ag athrú i gcónaí agus sílim gur fearr go ndéanfar an uasghradú níos minicí ná í a chur ar an mhéar fhada.

Rinne an Teachta Mac Craith óráid an-leathan ar fad. Thóg sé ceist Údaráis na Gaeltachta agus easpa daonlathais. Ní aontaím leis sin ar chor ar bith. Tá údarás maith againn anois. Tá sé íslithe ó 20 go dtí 12. Cuireadh isteach baill úra an tseachtain seo agus tá mé cinnte go ndéanfaidh siad cúis an-mhaith ins an téarma atá amach rompu.

Labhair an Teachta Ó Cadhain ar an tseirbhís aeir go hÁrainn. Labhair an Teachta Neville mar dhuine de Choimisiún Thithe an Oireachtais agus thug sé tacaíocht don rud atá á dhéanamh againn, mar a rinne an Teachta Kitt.

Ina dhiaidh sin, labhair an Teachta Donohoe, agus chuir mé an-shuim sa mhéid a bhí le rá aige. Rinne sé onóracha sa Ghaeilge san ardteistiméireacht ach tá sé go maith as taithí. Bhí sé thar lear, san Afraic, agus tuigeann sé anois cé chomh tábhachtach mar ghné dár gcultúr is atá an teanga.

Chuir sé áthas orm agus thug sé misneach agus muinín dom go ndúirt sé go bhfuil sé sásta dul i mbun an teanga a athfhoghlaim lena chuid páistí atá ag dul ar an scoil agus gurb é an chuspóir atá aige ná go mbeidh sé istigh anseo roimh dheireadh na Dála chun óráid a thabhairt trí Ghaeilge.

Gabhaim buíochas don Cheann Comhairle as deis a thabhairt dom an Bille seo a chur os comhair na Dála agus gabhaim buíochas do na Teachtaí uilig a chuir fáilte roimh an mBille agus a thuigeann an obair agus an chuspóir a bhaineann leis an Bhille seo – obair dhá choiste a chomhthathú agus déanamh cinnte de go mbeidh Caighdeán Oifigiúil amháin againn sna blianta amach romhainn. I mo thuairim, rachaidh sin chun tairbhe go mór do theagasc agus d’fhoghlaim na teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.