Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

3:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní raibh mé anseo nuair a thug an tAire Stáit a óráid níos luaithe, ach fuair mé an deis an méid a bhí le rá aige a léamh idir an dá linn agus níl aon rud sa mhéid a dúirt sé a thagann salach ar an méid a bhí le rá agamsa níos luaithe.

Tá cúpla rud le rá agam a threisíonn an méid atá ráite agam cheana. Measaim go bhfuil an seacht mbliana atá luaite sa Bhille i bhfad ró ghearr mar tréimhse don athbhreithniú tréimhsiúil. Seacht mbliana nó níos lú atá sa reachtaíocht don athbhreithniú tréimhsiúil ar An Caighdeán Oifigiúil, ach ní ceart dúinn a bheith ag athrú An Caighdeán Oifigiúil gach uile seacht mbliana nó níos minice ná sin. Má tá an t-athbhreithniú seo de dhíth, ba chóir go dtarlódh sé nuair is gá, nó ar a laghad, go mbeadh tréímhse de 20 nó 30 bliain i gceist. Foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil deireannach a bhí againn i 1958. Ach níor fhan rudaí mar a bhí ó 1958 ar aghaidh. D'úsáideadh an tréimhse idir an dá linn chun soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha sa Chaighdeán Oifigiúil.

Impím ar an Aire Stáit athrú a dhéanamh ar seo. De ghnáth, ní mholfainn é seo, ach anois sílim gur ceart go mbraithfeadh an t-athbhreithniú ar chead nó ar threoir ón Aire go dtabharfaí faoi. Amach as seo, ba cheart go dtabharfadh Aire éigin an treoir gan tabhairt faoi athbhreithniú níos luaithe ná 20 bliain nó mar sin ó foilsiúchán an chaighdeáin. I dtíortha eile, ní dhéantar athbhreithniú ar An Caighdeán Oifigiúil, go háirithe i dtíortha na hEorpa. An ceann deireannach a bhí mise in ann teacht air ná an ceann a rinne na Gearmánaigh. Rinne siad athrú beag le déanaí agus d'athraigh siad an siombail a bhí acu don dá "s" agus tá sé inghlactha anois an dá "s" a úsáid seachas an siombail a bhí acu. De ghnáth, ní dhéantar athbhreithniú rialta ar chaighdeán oifigiúil.

Tá ceist agam don Aire Stáit, ach b'fhéidir nach mbeidh mé anseo don fhreagra mar tá cruinniú agam ag a cúig a chlog. Maidir leis An Caighdeán Oifigiúil atá muid tar éis a fhoilsiú, an é seo An Caighdeán Oifigiúil céanna atá in úsáid i bParlaimint an Aontas Eorpaigh nó an bhfuil siadsan fós gafa leis an sean Caighdeán Oifigiúil? An bhfuil muid cinnte go bhfuil an stádas céanna ag An Caighdeán Oifigiúil atá in úsáid anseo againn agus atá ag an caighdeán atá in úsáid i bParlaimint na hEorpa? An bhfuil an seasamh céanna acu?

Rinne mé moladh go ndéanfadh Rannóg an Aistriúcháin obair éigin ar réimse focal atá de dhíth orainn nó a bheadh in úsáid againn go rialta. Ba chóir go mbeadh a leithéid de "glossary" ar fáil dúinn. Tá an foclóir parlaiminteach atá ar fáil go huile agus go hiomlán tubaisteach. Scríobhann mé ar a chúl na focail nach féidir liom teacht orthu. Is cóir go mbeadh "glossary" éigin mar sin ar fáil againn go gasta, b'fhéidir ar an idirlíon nó a leithéid.

Tagann foclaíocht nua chun cinn, go háirithe focail teicniúla nach bhfuil teacht tapaidh againn orthu.

Ar ndóigh, tá caighdeán oifigiuil ann ach tá a lán chanúintí ann. Ní gá ach féachaint ar an méid canúintí Béarla atá ann. Uaireanta, bíonn ar lucht scannánaíochta na hÉireann fo-theidil a chur ar scannáin Éireannacha agus iad á chur go Meiriceá. Is cuimhin liom go raibh fo-theidil ar an scannán "Into the West" nuair a taispeánadh é i Meiriceá, in ainneoin gur i mBéarla a bhí sé. Mar an gcéanna leis "The Commitments". Tá canúintí difriúla ann, agus beidh i gcónaí. Rud beo is ea teanga a bhíonn ag athrú de shíor. An rud nár chóir a bheith ag athrú ná an caighdeán oifigiúil. Má tharlaíonn sé sin bíonn orainn na leabhair agus na téacsleabair a athrú agus tréanáil breise a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do aistritheoirí.

Molaim an méid atá sa Bhille, ach amháin gur féidir é a dhéanamh níos foirfe agus níos loighiciúla tré mhion athraithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.