Dáil debates
Wednesday, 24 October 2012
Order of Business
11:05 am
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an nuacht faoi Tom Arnold a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an consitutional convention. Tá mé buíoch go háirithe don Taoiseach mar gur thug sé an scéal sin dúinn sa Teach seo. Cén uair an mbeidh an convention ag bualadh le chéile agus an féidir leis imeacht ón chathair seo? Tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas ag smaoineamh ar seisiún don convention i gCorcaigh, ach an mbeidh sé ábalta dul go áiteanna eile ar fud an Stáit. Go háirithe, an mbeidh sé ábalta dul go dtí an Tuaisceart?
No comments