Dáil debates

Wednesday, 17 October 2012

Home Help and Home Care Services: Motion (Resumed) [Private Members]

 

7:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an leabhar Comparative Politics for Idiots ar fáil in Easons. B'fhéidir gur cheart do chuid de na daoine anseo é a cheannach chun an difríocht idir an taobh seo den Teorainn agus an taobh eile a fháil amach. D'fhreastal mé ar chruinniú de chuid Third Age i gCnoc an Línsigh i gContae na Mí an Luan seo caite. D'éist mé le scéalta ó daoine aosta mar gheall ar na ciorruithe uafásacha ar an tseirbhís chúnamh baile. Chuala mé scéal amháin ó bean a úsáideann cathaoir rothaí. Bhí seacht n-uaire á fháil aici gach seachtain, ach tá ciorrú d'uair amháin sa tseachtain á dhéanamh ar an tseirbhís sin. Tá ciorrú eile á dhéanamh ar bhean eile a fhaigheann 30 nóiméad de chúnamh baile - déantar a dinnéar di - gach tráthnóna. Dúirt cúntóir baile liom go bhfuil an méid ama a chaithfidh siad a thabhairt dá gcliaint níos mó ná an méid ama as a n-íoctar iad. Ní leor leathuair a thabhairt d'fhear nó do bhean má tá éileamh i bhfad níos mó ag an duine sin. Is gá dóibh níos mó ama a thabhairt dá othair, ach níl fhaigheann siad níos mó pá le haghaidh an am sin.

Tá cuid den tseirbhís seo á soláthar saor in aisce ag a lán cúntóirí baile faoi láthair. De bharr a gcuid daonnacht, ní féidir leo imeacht gan cúnamh ceart a thabhairt dá gcliaint. Is cleachtadh coitianta é seo. Tá an córas ag déanamh mí-úsáid as daonnacht na n-oibrithe. Tá an Rialtas ag goid seirbhísí i gceann de na hearnálacha is leochailí sa tír. Is polasaí leithleasach é seo. Ní cheart dúinn déileáil le daoine atá tar éis saol fada oibre a chur isteach - a íoc cáin, a thóg glúin nua agus a mhair dhá nó trí cúluithe eacnamaíochta eile - sa chaoi seo. Tá Páirtí an Lucht Oibre, atá bródúil as a thaifead ar chearta na n-oibrithe, mar dhea, ag mí-úsáid na daoine a thugann cúnamh don dream sin. De ghnáth i gcúrsaí polaitiúla, ní bhíonn an moráltacht agus an t-airgeadas ar an taobh céanna - bíonn saghas coimhlint eatarthu. Ar an ábhar seo, tá siad ceangailte le chéile. Nuair a laghdaíonn an Rialtas an córás chúnamh baile, is ionann sin agus daoine aosta a bhrú isteach sa chóras sláinte, lena mbaineann costais i bhfad níos mó. Is polasaí craiceáilte é seo. Laghdaíonn sé sláinte an duine agus mianach an tsaoil agus cosnaíonn sé níos mó.

Nuair a bhí mé ag smaoineamh inné mar gheall ar chumas an dream a fhaigheann an tseirbhís chúnamh baile, thuig mé nach mbeadh an gcuid is mó dóibh in ann teacht go dtí geataí Teach Laighin amárach chun a gcuid tuairimí a chur in iúl mar pháirt den bhfeachtas ar an ábhar seo. Níl sé ar a gcumas ag na daoine is laige sa tír é sin a dhéanamh. Ta sé dochreidte go bhfuil an Rialtas ag piocadh orthu. Tá rogha ollmhór ag an Rialtas - bí cinnte faoi sin. Tá deacrachtaí acu, ach is féidir leo an t-airgead seo a fháil in áiteanna eile. Tá siad ag laghdú an méid uair chúnamh baile a fhaigheann na daoine is laige sa tír, ach fós ag tabhairt airgead do na sealbhóirí bannaí. Níl seans ar bith go n-ardóidh an Rialtas seo an ráta cáin a íocann iad siúd a thuileann níos mó ná €100,000. Cad faoi cáin rachmais? God, no. Ní dóigh liom go dtógfaidh an Lucht Oibre cáin rachmais isteach fad is atá an dream is laige fós sa tír. Impím go díreach ar Pháirtí an Lucht Oibre a meon ar an ábhar seo a athrú agus tacaíocht a thabhairt don rún. Iarraim orthu siúd a fhaigheann cúnamh baile breathnú go géar ar na Teachtaí a vótálann in aghaidh an rún seo agus na Teachtaí a vótálann ina choinne. Ní cheart dóibh dearmad a dhéanamh ar an méid a tharlóidh nuair a dhéanann an Dáil vótáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.