Dáil debates
Tuesday, 9 October 2012
Leaders' Questions
3:55 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá mé buíoch don Aire as ucht fáilte a chur roimh an ráiteas a chuireadh amach ag an comhlacht féin agus an cinneadh eacnamaíochta atá déanta ag an comhlacht. Dúirt sé freisin go raibh eolas agam féin agus ag an Tánaiste faoi plean maidir leis na hionaid sláinte. Tá a fhios ag an Teachta, mar tá seo ráite agam go minic anseo, gur ghlac an Rialtas ar fad leis an plean infheistíochta - suas le €2.5 billiún - a fuair lán tacaíocht ón Rialtas agus a fógraíodh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cúpla mí ó shin.
Tá na freagraí sin tugtha ag an Aire Sláinte anseo go minic. Séard a bhí i gceist leis na coinníollacha breise ná go mbeadh comórtas ann i dtreo agus go gcuirfear na hionaid sláinte ar fáil agus go mbeadh cabhair le fáil ó na dochtúirí, mar le blianta anuas, nuair a cuireadh ionaid mar seo ar fáil, níor ghlac le cuid de na dochtúirí dul isteach iontu. Ní cóir go mbeadh caiteachas airgid poiblí i leith na hionaid seo gan aontas ó dochtúirí dul isteach iontu. Is cóir freisin go mbeadh iniúchadh déanta faoi líon na ndochtúir i leith líon na ndaoine sa cheantar, ar chomh tábhachtach a mbeadh sé do na dochtúirí ag dul isteach iontu agus cé chomh éifeachtúil ó thaobh costais de a mbeadh sé dóibh.
Leagadh coinníollacha eile amach ag an Aire Sláinte ar nós: céard iad na hionaid leighis atá ar fáil faoi láthair in aon áit; céard iad na brúnna atá ar na seirbhísí atá le fáil, go mór mór iad siúd atá ar fáil sna hospidéil sa cheantar: an mbeadh sé níos fearr airgead a thabhairt go díreach ón Roinn Airgeadais d'ionad sláinte ar bith nó an mbeadh sé níos fearr dul isteach sa chóras PPP mar a cuireadh amach; agus céard iad na coinníollacha cóir a mbeadh i gceist maidir le córas PPP a chur ar fáil ar dtús do na hionaid sláinte seo.
Labhair an Teachta faoi na liúntais do dhaoine atá deacracht acu. Is rud don buiséad é sin agus ní dhearnadh cinneadh ar bith faoi sin. Léigh mé ar an bpáipéar inniu faoi tuarascáil eile nár cuireadh ar fáil go fóill. Níl sé críochnaithe go fóill ná feicthe ag an Aire ná ag an Rialtas fós. Séard atá i gceist mar sin ná ráflaí faoi chinneadh nach bhfuil déanta ar chor ar bith ag an Rialtas. Tá sé mar a gcéanna maidir le ráflaí faoi laghdú don cabhair atá ar fáil do dhaoine ina dtithe féin. Duine ar bith atá seirbhís ag teastáil uaithi ná uaidh, beidh sé ar fáil.
No comments