Dáil debates
Tuesday, 9 October 2012
Leaders' Questions
3:45 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá mé thar a bheith buíoch don Teachta gur fháiltigh sé roimh an ráiteas a cuireadh amach ar maidin i dtaobh na postanna nua atá le cur ar fáil ag an gcomhlucht Kerry Group, ceann des na comhluchtaí is fearr ar domhan atá ag déanamh infheistíochta de suas le €100 milliún anseo in Éireann. Beidh suas le 900 post nua le fáil agus beidh seans ag ógánaigh na hÉireann an chuid is mó des na postanna sin a ghlacadh.
Chomh maith le sin, cuirfear suas le 400 post ar fáil ag tógáil an ionaid nua seo.
No comments