Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

11:00 am

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Má tá aon dóchas gur féidir moill a chur ar bánú na Gaeltachta, atá ag tarlú i láthair na huaire, agus polasaithe a thabhairt chun cinn agus a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh saol na Gaeltachta faoi bhláth arís, caithfear smaoineamh domhain a dhéanamh ar conas is féidir é sin a dhéanamh. Conas is féidir linn cumas labhartha na Gaeilge a fheabhsú ar fud na tíre freisin? Iarraim ar an Rialtas gan an Bille seo a chríochnú inniu. Ba cheart dúinn dul ar aghaidh leis go dtí Meán Fómhair. Tabharfadh sé sin deis dúinn labhairt leis na heagraíochtaí agus na daoine go dteastaíonn uathu go dáiríre a ladhar a chur isteach agus an ceist a dhéanamh níos fearr. Níl faic le cailliúnt maidir le mí nó dhó breise a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.