Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ar a laghad, tá deis agam cúpla focal a rá faoin Bhille stairiúil seo, Bille na Gaeltachta, an chéad Bhille Gaeltachta a tugadh isteach sa Teach seo ó thug Risteárd ó Maolchatha isteach an chéad Bhille Gaeltachta i 1956. Is fada atá muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge ag fanacht le Bille eile Gaeltachta. Tá an Bille á thabhairt isteach mar go dtuigeann muid go bhfuil géarchéim sa tír, go mórmhór sa Ghaeltacht, maidir le labhairt na teanga.

Nuair a fhéachann muid ar an toradh a bhí le daonáireamh 2011, bhí 97,000 duine ina gcónaí ins an Ghaeltacht agus ní dúirt ach 23,000 acu, duine as gach ceathrar, go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. Dúirt na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag caint liom, go gcaithfear rud éigin a dhéanamh. Dúradh sa suirbhé teangeolaíochta a tháinig amach i 2007 - suirbhé a chuir saineolaithe teanga as an tír seo agus tíortha eile amach - muna dtugfar aghaidh ar an fhadhb atá le labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí nach mbeadh aon Ghaeltacht fágtha sa tír tar éis idir 15 agus 20 bliain. Sin a dúradh sa suirbhé is údarásaí dár cuireadh ar fáil le mo linnse. Bhí saineolas agus taighde domhain ag baint leis an suirbhé sin a rinneadh ar fud na Gaeltachtaí ar fad agus thángthas aníos leis an dearcadh sin. Muna ndéantar rud éigin taobh istigh de 15 bliain agus 20 bliain, ní bheidh aon chainteoir dúchais sa Ghaeltacht.

D'éist mé leis an Teachta Ó Cuív, a shiúl amach lena chuid Teachtaí as an Dáil, agus dúirt sé go bhfuil muid ar bhruach na haille. Ar ndóigh, ní easaontaím le sin. Táimid ar bhruach na haille. We are on the precipice, mar adeir siad i mBéarla, as far as the continuation of the language being a living language in Gaeltacht areas is concerned. Tá mé buartha gur shiúl an Teachta amach as an Teach agus gur shiúl na Teachtaí eile amach. Ní thuigim cad é an straitéis atá acusan. Tá straitéis 20 bliain againne agus tá Bille na Gaeltachta againn, ach cad é an straitéis acusan? Tá siad ag rá nach bhfuil go leor ama leis an mBille a phlé. Is féidir liom a chur in iúl don Teach gur chaith muid deich uair a chloig, ten hours, ag plé an Bhille seo i Seanad Éireann. Chaith muid sé uair ag plé an Bhille sa Teach seo agus bhí trí uair eile le tabhairt don Bhille inniu.

Mar adúirt an Tánaiste romham, bhí mise anseo seachtain ó shin, Dé hAoine seo caite, agus bhí plé againn ar Chéim a Dó den Bhille, ach ní raibh aon duine anseo le labhairt. Níor tháinig éinne isteach le labhairt. B'éigean dom brath ar na Teachtaí ó thaobh an Rialtais, go dtí nach raibh éinne fágtha. Cad a tharla ansin, ach thit an tóin as an díospóireacht agus b'éigean dúinn í a chur ar ceal. Ní raibh éinne anseo chun an díospóireacht a choinneáil ar siúl. Anois, táthar ag rá go gcaitfidh muid an t-am a chur siar mar nach bhfuil go leor ama againn chun é a dhéanamh, ach nuair a bhí an t-am againn an tseachtain seo chaite, ní raibh siad anseo. Mar sin, níl a fhios agam cé chomh dáiríre agus atá siad. Níor mhaith liomsa a rá le duine ar bith gur sin fimínteacht. Níor mhaith liom hypocrisy a chur i leith duine ar bith mar is rud mór é sin. Ach mé ag éisteacht leo inniu agus maidir leis an rud a tharla an tseachtain seo caite, is cinnte go bhfuil comhartha ceiste mór faoin dáiríreacht atá i measc na ndaoine a shiúl amach as an Teach. Bíonn siad ag caint ar daonlathas agus cé chomh tábhachtach agus atá an daonlathas. Creidim i gcónaí sa daonlathas agus sa chóras daonlathach, ach ní shílim gur comhartha maith ar an daonlathas daoine atá tofa go daonlathach ag siúl amach gan páirt a ghlacadh sa díospóireacht thábhachtach seo a bhaineann len ár teanga dúchais, céad teanga na tíre.

Is fada muid ag súil leis an mBille seo. Tháinig tuairisc choimisiún na Gaeltachta amach i 2002, tháinig an suirbhé teangeolaíochta amach ina dhiaidh sin, phlé comhchoiste an Oireachtais an ábhar agus ghlac an Rialtas a tháinig romhainn agus an Rialtas seo leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá cúig bhliain imithe thart cheana féin ó tháinig an tuaireasc ón suirbhé saineolaíochta amach. Sin an fáth nach bhfuil fonn ormsa níos mó moilleadóireachta a dhéanamh leis an Bille seo. Táimid ag cur rudaí ar an mhéar fhada le blianta. Bhí an Teachta Ó Cuív anseo, agus tá meas agam air. Fear é a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé siar agus thosaigh sé ag cónaí sa Ghaeltacht. Rugadh agus tógadh mise sa Ghaeltacht. Bhí an Teachta mar Aire sa Rialtas le blianta fada. Tá an Ghaeilge mar theanga aitheanta ag leibhéal na hEorpa agus mar theanga oifigiúil anseo, ach tá laigeacht ar an talamh. Sin an áit a raibh an cúlú agus an trá. Sin an fáth go bhfuil mise agus an Roinn - gabhaim buíochas le hoifigigh na Roinne agus na daoine go léir a thug cuidiú dom - ag iarraidh an Bhille seo a chur tríd an Teach. Mar a dúirt duine éigin sa pháipéar inné, táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin. We are affording the people of the Gaeltacht a direct say in their own linguistic future.

Níl easpa daonlathais ann. Táimid ag dul chuig muintir na Gaeltachta agus go dtí na pobail sna Gaeltachtaí. Tá an Ghaeltacht roinnte suas i 19 ceantar, 19 separate areas, agus tá muid ag tabhairt cuiridh - invitation - do gach ceantar acu sin, do na daoine a labhraíonn Gaeilge agus atá ina gcónaí ansin agus ag tógaint a dteallaigh le Gaeilge. Tá géarchéím ann. Tá an Béarla ag brú isteach agus ba mhaith linn an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht. Na ceisteanna atá á chur againn ná cad is féidir linn a dhéanamh. Cad a mheasann daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht for many generations faoi conas gur féidir linn stop a chur leis an tráú seo agus an taoide a chasadh arís?

Sin daonlathas. Go dtí seo bhí gach Rialtas ag rá go gcaithfear é seo nó é siúd a dhéanamh - do this, do that. Ní raibh ag éirí leis. Dá mbéadh ag éirí leis ni bhéadh aon Chéim inniu. Níor éirigh leis sin. Anois, táimid ag déanamh mar a mhol Seosamh Mac Grianna, ceann de scríbhneoirí móra na Gaeilge, i 1932 agus táimid ag tabhairt focal do mhuintir na Ghaeltachta ina gcinniúint féin. Táimid ag ligint dóibh teacht aníos lena bpleananna féin.

Ach nílimid ag cur an t-ualach uilig ar na pobail Gaeltachta. Táimid chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh leasú iomlán ar ról Údarás na Gaeltachta. Beidh Údarás na Gaeltachta ansin. Ní bheidh 20 duine ar bhord Údarás na Gaeltachta. Beidh 12 air. Beidh cead ag comhairlí contae ina bhfuil ceantair Gaeltachta cúigear duine a ainmniú le dul ar an mbord agus beidh cead ag an Rialtas seachtar a chur air. Daoine a mbeidh saineolas agus tuiscint acu ar chúrsaí eacnamaíochta, ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí teanga a bhéas iontu. Beimid ag cur fógra ar postannapoibli.ie agus beimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine ar fud na tíre a shíleann go bhfuil rud éigin tábhachtach le rá nó le cur ar fáil acu, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge, a gcuid iarratais agus a gcuid curriculum vitae a chur isteach. Geallaim go mbeidh údarás an-chumasach ansin. Beidh sé dírithe isteach, ní hamháin ar thionscail agus ar fhostaíocht, ach ar chaomhú na teanga ins na ceantair Gaeltachta.

Má fhaigheann an Ghaeilge bás ins na ceantair Gaeltachta beidh an slabhra a théann siar dhá mhíle bliain briste. Níl aon amhras orm ná go bhfuil Gaeilge go leor ar fud na tíre. Tá an tír taistealta agam, agus na Gaeltachtaí go léir, ó ceapadh mar Aire Stáit mé. Chuaigh mé go dtí áiteacha cosúil le Cluain Dolcáin agus Ceatharlach, go háiteacha i gContae an Chláir, go Carn Tóchair i gContae Dhoire agus an Srath Bán ins an sé contaetha. Feicim an rud atá ar siúl ansin, tuismitheoirí agus daoine coitianta agus comónta ag rá gur fiú an Ghaeilge a shábháil agus go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh. Ba mhaith leo go mbéadh gaelscoil acu, go mbeadh a gclanna ag dul go dtí an ghaelscoil agus go mbéadh Gaeilge acu. Nuair a bhímse ag dul timpeall na tíre agus nuair a fheicim é sin is mór an dóchas, an faoiseamh agus an sásamh a thugann sé dom. Sin an fáth go bhfuil mé sásta, ins an mBille úr, go mbeidh líonraí Gaeilge ins na ceantair sin agus iad ceangailte leis an Ghaeltacht.

Tá an Bille ansin le tabhairt faoi na deacrachtaí atá ins an Ghaeltacht. Tá mé thar a bheith sásta leis sin. Chuireamar a lán oibre isteach ann. D'fhéadfaimís é a chur siar cupla bliain eile, ach seo an Bille is fearr dá dtáinig muid aníos leis. D'éisteamar le daoine agus leis an rud a bhí sa straitéis 20 bliain.

Bhí leasaithe thíos ag moladh go mbéadh toghchán ann do Údarás na Gaeltachta. Shocair an Rialtas cupla uair an módh úr. Údarás úr a bheidh anseo. Nílimid ag cuimhniú ar an údarás a chuaigh thart. Rinne sé an-chuid oibre. Chothaigh sé postanna ins an Ghaeltacht. Tá mise an-bhródúil, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le cabhair ón Aire agus ón Rialtais ar fad, gur éirigh linn Údarás na Gaeltachta a choinneáil. Bhí cinneadh beagnach déanta deireadh a chur leis. Chonaic muid go raibh an bord snip nua chun deireadh a chur leis an údarás. Beidh Údarás na Gaeltachta ann. Táimid tar éis priomhfheidhmeannach úr a chur isteach ar an údarás agus achmhainní caipitil a thabhairt dó, chomh maith leis an méid a bhí aige anuraidh. Táimid tar éis ról úr a thabhairt dó chomh maith, is é sin na ceantair pleanála teanga a fhorbairt. Beidh tacaíocht an údaráis le fáil ag na ceantair Gaeltacht agus ag gnáth mhuintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dos na comharchumainn agus dos na heagrais deonacha eile atá ag saothrú ar fud na Gaeltacht agus ar fud na tíre, lá i ndiaidh lae agus seachtain i ndiaidh seachtaine, ag cur chun cinn na Gaeilge. Tá ról acu-san chomh maith. Níl an Rialtas ann féin nó an Bille ann féin chun an Ghaeilge a shábháil ins an Ghaeltacht, ach tugann sé struchtúr dúinn agus cuireann sé an struchtúr ar bun. Ag éirí amach as sin, beimíd ábalta dul ar aghaidh agus na pleananna teanga a dhéanamh, mar sin an moladh idirnáisiúnta. Leagfaidh gach ceantar síos sprioc agus cuspóir. Beidh barra ansin, cad é mar atá an Ghaeilge ins an cheantar i láthair na huaire agus cén dóigh gur féidir feabhas a chur uirthi. Beidh cúrsaí oideachais agus na seirbhísí poiblí ag teacht isteach ann. Ba mhaith liom go mbéadh gach duine ins an Ghaeltacht, agus i ngach páirt den tír, ábalta a chuid oibre agus a chuid gnóithe a dhéanamh leis na Ranna Stáit tré Ghaeilge nó tré Bhéarla. Sin an sprioc a bheimid ag iarraidh a bhaint amach.

Táimid ag súil go mbeidh líon na gcainteoirí dúchais ins an Ghaeltacht árdaithe 25%, an sprioc atá sa straitéis 20 bliain. Tháinig titim uafásach ar an líon ó bunaíodh an Stát. Nuair a bunaíodh an Stát, deirtear liom, bhí 250,000 duine a raibh an Ghaeilge acu lá i ndiaidh lae. Tá sé sin anuas anois go dtí 23,000, sin titim de 90% ó bunaíodh an Stát. Muna gcuirtear stad leis sin ní bheidh aon Ghaeltacht fágtha. Sin an rud atá taobh thiar de seo: ceantair pleanála straitéise teanga; an t-údarás ag teacht isteach chun cuidiú leis na pobail a bpleananna féin a dhéanamh amach; oiread achmhainní atá againn a chur ar fáil dóibh; agus na pleananna a thabhairt chun críche. Déanfar monatóireacht ar na pleananna bliain i ndiaidh bliana agus má tá aon cheantar Gaeltachta nach bhfuil fonn ar an phobal a bheith istigh ins an phlean beidh impleachtaí aige sin do theorainneacha na Gaeltachta.

Maidir leis na tuairimí atá ag teacht ón Ghaeltacht féin. Tá daoine a deir liomsa gur chóir dúinn teorainneacha na Gaeltachta a athrú láithreach, sula ndéanaimid aon rud, agus an Ghaeltacht a ghearradh siar. Ní aontaím leis sin. Caithfimid seans a thabhairt dos na pobail seo agus córas cuí, due process, a thabhairt dóibh. Beidh seans ag na pobail seo a bpleananna a chur i láthair. Má chuireann ceantar plean maith isteach agus má ghlacaim féin agus an Roinn leis, rachaidh an pobal ar aghaidh agus beidh gach cuidiú agus tacaíocht le fáil acu. Má thoileann pobal nach fiú plean a dhéanamh beidh impleachtai aige sin do theorainneacha na Gaeltachta. Níl mise ag iarraidh balla a chur thart ar cheantair an-bheaga a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu. Tá mé ag iarraidh deis a thabhairt dos na ceantair ar fad, iad san a bhfuil an teanga láidir iontu agus na háiteacha nach bhfuil sí láidir, dul ar aghaidh le chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Níl mé ag iarraidh dul ar ais go dtí an rud a tharla ins an Roinn Oideachais ins na blianta a chuaigh thart nuair a bhíodh streaming ar siúl ins na scoileanna. Táimid ag iarraidh cainteoirí le mixed ability a bheith le chéile chun cuidiú lena chéile. Tá mé ag caint ar na rudaí seo le blianta fada agus sílim gur sin an dóigh is fearr chun é a dhéanamh.

Taobh amuigh den Ghaeltacht beidh ról an-thábhachtach ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag gníomhú ins an Tuaisceart agus ins an Deisceart. Molaim an obair atá ar siúl aige. Bhí mé ins an Tuaisceart agus chonaic mé cad é ata ar siúl ansin maidir le cur chun cinn na teanga. Ins an taobh seo den tír, beidh sé de fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge cuidiú leis na ceantair nach bhfuil ins an Ghaeltacht an teanga á bhrú ar aghaidh. Tá an foras á dhéanamh cheana féin agus leanfaidh sé ar aghaidh leis an ról sin. Tá mise iontach dóchasach go mbeidh sé ábalta sin a dhéanamh.

Agus mé ag breathnú thart, sílim go bhfuil mé sa Teach níos faide ná éinne eile. Tá mé anseo le breis agus 30 bliain. Bhi suim agam i gcónai i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an Ghaeilge mo chéad theanga agus níor mhaith liom go gcaillfí an Ghaeilge ins an Ghaeltacht. Nuair a bhéas mo sheal thart mar Aire Stáit agus nuair a thiocfas an chéad Aire eile, tá súil agam go mbeidh an Ghaeilge ag fás ins an Ghaeltacht is ag teacht chun cinn.

Cuireann sé isteach orm, leis an fhírinne a rá, gur shiúil an Freasúra amach inniu agus nár ghlac Baill an Fhreasúra an deis an trí huaire a bhí againn chun a gcuid tuairimí a chur in iúl agus plé a dhéanamh ar an ábhar sin. Caitheann siad cuireadh isteach anseo ar leataobh agus caitheann siad drochmheas ar an daonlathas féin.

Tá mé anseo an oiread sin ama agus chomh fada agus a bhaineann sé le mo pháirtí féin, there are two matters on which the House has never divided for as long as I have been a Member. One of these is the Irish language.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.