Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

11:00 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Tá díomá uafásach orm, ar mo pháirtí agus ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall ar an mBille seo. Ní amháin gur lig sé síos gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht atá ag feitheamh le seasca bliain leis an mBille seo, ach tá bac dochreidte curtha ar an díospóireacht sa Seanad agus sa Dáil. Is ionann an easpa ama a thug an Rialtas don Bhille agus an easpa luacha agus easpa measa a thugann an Rialtas don teanga.

Tá fadhbanna ollmhóra ag baint leis an reachtaíocht seo, fadhbanna a dhéanfaidh damáiste don Ghaeltacht. Tá a lán rudaí in easnamh freisin. Tugann an Bille seo neamhaird ar dheiseanna atá ann chun fuinneamh a anáil ar ais sa Ghaeltacht. B'fhurasta na heasnaimh sin a réiteach dá mbeadh an Rialtas i ndáiríre faoin nGaeilge agus faoin bpróiseas comhairliúcháin leis na heagrais Ghaeilge, agus dá mbeadh an tAire Stáit i ndáiríre faoin bpróiseas daonlathach san Oireachtas.

Tá an Ghaeilge in áit na leathphingine sa Stát seo. I rith na díospóireachta gairide, chualamar beagán níos mó ná léirisc fholamha ón Rialtas agus uaireanta, focail nimhneacha, ar nós "language imperialists", mar a thug an Teachta Creed ar Ghaeilgeoirí. Ag coiste inné, dúirt an Teachta Flanagan go raibh sé in éadan airgead a chaitheamh ar eolas sláinte a fhoilsiú i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Táimid ag teacht chuig deireadh na bliana, bliain inar rinne an Rialtas an-dochar don Ghaeilge, dochar don Choimisinéir Teanga, dochar do na Gaelscoileanna agus dochar do scéim labhairt na Gaeilge. Ba dhéistineach a fheiceáil an Rialtas ag bagairt ar Dhónal Ó Cnáimhsí, a labhair ar son Ghuth na Gaeltachta. Is léir nach bhfuil suim dá laghad ag an Roinn nó ag an Rialtas plé oscailte daonlathach a dhéanamh anseo inniu. Mar sin, diúltaímid leis an bpróiseas ina iomláine. Nílimid sásta fanacht anseo agus imeoimid chun ár ndéistin a chur in iúl faoin ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.